Scleip na Nollag/An Béal Binn
10 Nollaig 2009 in Ostán an Esplanade, Bré
8.30 i.n.
Oleg Ponomarev (veidhlín) agus Drazen Derek (giotar)
Cad is feidir a rá faoi Oleg agus Drazen? Sheinneadar
le leithidí Jools Holland, Café Orchestra, Loyko, Yehudi Menuhin,
Placido Domingo, Ravi Shankar, Carlos Nunez agus Secret Garden.
Snagcheol giofógach um Nollaig i mBré.
Beidh Noreen O’Donoghue (Cruit) agus Colm Ó Foghlú (feadóga)
ann arís i mbliana maraon le píoga, scailtín fíona agus méaróga Bia.
É seo ar fad ar €20.
Ticeid ón gcoiste nó
This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it
(Aiteanna teoranta, na caill an deis iontach seo)
|
|
An Béal Binn Teoranta
| |
| |
An Béal Binn Teoranta |
|
This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it
|
| |
Ceardlanna Amhránaíochta
ar
an Sean-Nós, 2010. |
Tugann an Béal Binn Teo. cuireadh duit freastal ar cheithre cinn de cheardlanna Sean-Nóis, ceann in aghaidh na míosa,
ó Eanáir go hAibreán, 2010. |
Sonraí: |
Beidh na ceardlanna seo á reachtáil ar an dara Déardaoin gach mí, ag 8.00 pm in Óstán
Ramada, Bré, Co. Chill Mhantáin. |
Costas: |
Táille €60 an duine atá ar na
ceithre cheardlanna. |
| |
|
Clárú: |
Le clárú, ní mór an t-airgead a chur i bhfoirm seic, nó
bealach inglactha eile, chuig An Béal
Binn Teo, Bosca Uimhir 114, Oifig an Phoist, Bré, Co. Chill Mhantáin, maraon
le seoladh agus ainm an té atá ag iarraidh clárú. |
Íoslíon: |
Chun gur féidir
ceardlann a reachtáil, ní mór deichniúr, ar a laghad, a chlárú. |
Uaslíon: |
Ní féidir glacadh le níos mó ná fiche duine ar
shaotharlann ar bith áfach. |
| |
|
Spriocdháta: |
Is é an spriocdháta le clárú ná 10 Nollaig, 2009. |
| |
|
Eolas: |
Má tá a thuilleadh eolais uait, glaoigh ar Phádraig Ó Fearaíl ag 01-2862097. |
| |
|
Stiúrthóirí : |
Is iad na
hamhránaithe cáiliúla seo a leanas a bheidh i mbun na gceardlann:
Pádraig
Ó Cearbhaill, 11 Eanáir, 2010.
As iarthar Co.
Luimnigh é. Tá eolas fairsing aige ar Ghaeltacht na Rinne,
sna Déise agus ar amhráin mhóra na dúiche sin.
Lillis
Ó Laoire, 11 Feabhra, 2010.
As Dún na nGall
dó. Bhuaigh sé Corn Uí Riada.
Saileog
Ní Cheannabháin, 11 Márta, 2010.
Díreoidh sí ar
amhráin as Iorras Aithneach i gConamara.
Éilís
Ní Shúilleabháin, 8 Aibreán,
2010.
Beidh sí ag trácht
ar amhráin Mhúscraí agus ar an stór iontach
a d'fhág Eibhlís Bn. Uí Chróinín. |
|
|
|
A Chairde.
Compántas Drámaíochta An Bhéil Binn arais arís gach Luan ón 28/09/09 sa Mermaid (stiúideó thuas staighre) idir 8-10 i.n. Tá fáilte riomh chách atá 16+. Scaip an scéal!!!. Bheadh sé iontach slua mór a bheith againn. Buíochas, Colm.... Dal an sceil, caithigí éide spóirt nó éadaí ina bhfuil sé éasca bheith ag gluaiseacht agus stocaí atá glan!!!! Tuilleadh eolais le fáil ach glaoch orm ar 085 7823411
|
|
|