Dé hAoine, 30ú Iúil 2010
Baile
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Droch Scéal: Bás Nuala Nic Con Iomaire
A Cháirde,
D'éag Nuala Nic Con Iomaire inné lena chlann grámhar mórthimpeall uirthi tar éis tinneas a d'fhulaing sí i bfhad le crógacht .
Cúis mhór bhróin é seo dá chlann agus dá chairde go léir.
B'í Nuala an chéad fheidhmeannach ealaíne ar An Béal Binn i mBré nuair a thosaigh an togra i 2002. Chaith sí cúig bliana sa ról seo. Is í a bhunaigh an Club Amhránaíochta i mBré agus a chuir tús leis na ranganna amhránaíochta ar an sean-nós.
Rinne sí riar mhaith drámaí freisin agus bhí sí ina heagarthóir ar an dá bhliainiris a d'fhoilsigh An Béal Binn i gcomhpháirt le Coiscéim, Blaiseadh. Bhí go leor tóir ag Nuala ar an gceol agus ar na hamhráin agus bhíodh sí ag cumadóireacht freisin (amhráin, lúibíní, drámaí agus scéalta do pháistí).
Ghnóthaigh sí cúpla duais oireachtais ar a saothar. Ó chroch sí seolta as An Béal Binn bhí sí ag cur fúithí ar an gCeathrú Rua, i gConamara. Bhí sí i mbun staidéir ar na dearcealaíona – péinteáil agus líníocht, go mór mór, i gCluain Mhuire, GMIT.
Sólás síoraí dá h-anam.
Sonraí socraithe thíos:
NIC CON IOMAIRE Nuala (An Charraig Dhubh, Co Átha Cliath agus An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe) - 16 Iúil, 2010 (go suaimhneach sa bhaile faoi chúram Oispís na Gaillimhe), iníon ionúin le Liam agus Bairbre, cara anama agus bean chéile Phádraic Harvey, agus máthair mhuirneach Iseult. Méala mór a bás dóibh siúd agus do chlann Mhic Con Iomaire - Máirín, Máirtín, Colm, Ruairí, Darach - agus a gcuid páirtithe, do mhuintir Mhic Con Iomaire agus muintir Uí Chearbhaill, do chlann Phádraic - John, Frances, Blaise - agus do mhuintir Uí Mhaoileoin -Maura, Bridie, Tomás - agus a gcuid páirtithe. Aistreofar a corp óna teach cónaithe ar an gCeathrú Rua maidin Dé Luain chuig Séipéal Bhantiarna Lourdes agus Cholmcille, Leitir Móir, le haghaidh Aifreann ag 12 meánlae. Cuirfear í tar éis an Aifrinn i Reilig Eanach Mheáin."Tá croí na féile ar lár: Beidh ceol sna flaithis anois."
 
Scléip an tSamhraidh 2010
Image}
Scléip an tSamhraidh/An Béal Binn
Ostán Esplanade, Bré
17 Meitheamh 2010 óna 6 go déanach
BBQ, Drámaíocht, Ceol, Craic, Comhluadar agus Céilí - Ná caill an deis iontach seo
Daoine Fásta €15, Páistí €10, Ticéad Clainne €40
Ticéad ó This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it nó 085 7823411
 
Ciorcal Cainte Nua i mBré
Ciorcal Cainte/An Béal Binn
gach Deardaoin i Holland's, Bré
9.00 ar aghaidh
Táimid chun rud éigin a eagrú agus feicimid cad a tharlóidh. Is féidir linn an chéad chéim eile a phlé ar an oíche.
Is é príomhaidhm deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile go riallta chun an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht shóisialta.
Craic, Comhluadar agus Comhra - Ná caill an deis iontach seo
 
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net