17.11.08

Bronnadh duais Glen Dimplex ar Simon Ó Faoláin

Comhghairdeachas ó chroí le Simon Ó Faoláin a bhuaigh duais Glen Dimplex le déanaí. Beidh sibh in ann é a chloisteáil ar Léite Pléite roimh i bhfad. Beidh sibh in ann Majella McDonnell, ball cumasach eile den chumann, a chloisteáil ag léamh gearrscéil ar an gclár céanna. Féach: www.rte.ie/rnag/leitepleite.html

11.11.08

Ceardlanna Scríbhneoireachta!

Tá trí ceardlanna scríbhneoireachta trí Ghaeilge á reachtail ag Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude an geimhreadh seo. Beidh na ceardlanna ag díriú ar scríbhneoireacht don amharclann agus don teilifís. Beidh an chéad ceann ar siúl go luath, Dé Sathairn 29ú Samhain ag an ionad. Darach Mac Con Iomaire iar-stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce agus buaiteoir Gradam Cuimhneacháin Bhaitéir Uí Mhaicín a bheidh ag tabhairt na ceardlainne seo, 'Ag Scríobh don Stáitse: Cúrsa Tosaigh'.

Beidh dhá cheardlann eile ar siúl i mí Eanáir. 'Ag Scríobh don Teilifís: Cúrsa Tosaigh' le Ailbhe Nic Giolla Bhríghde, scríbhneoir agus snaitheoir scéil do léiriúcháin ar nós, Ros na Rún, Afraic agus Seacht. Díreoidh an triú cheardlann ar scríbhneoireacht a thrasnaíonn an dá réimse. Beidh sé á thabhairt ag Diarmuid de Faoite, aisteoir, scríbhneoir, léiritheoir agus feidhmeannach le haghaidh na dTaibh-Ealaíon, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.


Beidh táille €20 an ceardlann i gceist nó €50 chun freastal ar na trí cinn acu. Tuilleadh eolas le fail ó Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude, 27 Oileán Ealtanach, 091 533594 , westernwriters@eircom.net nó twwc.ie.

10.11.08

Soitheach

Is soitheach é mo chroí
a chraitheann i gcomhionannas
i mbéal toinne na fuaime
a scairteann asat.



22 Samhain 2007, Rosamhíl

9.11.08

Ceardlann Scríbhneoireachta do Pháistí Óga

Tá comhlacht an Spidéil, Futa Fata, i gcomhar le Foras na Gaeilge, ag reachtáil ceardlainne in Ostán Chonamara (Connemara Coast Hotel), sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, ar an 19, 20 agus 21 Samhain. Ceardlann dhátheangach a bheas i gceist, í á stiúrú ag an scríbhneoir agus eagarthóir aitheanta Barbara Slade, ó Los Angeles, Mheiriceá i gcomhar le stiúrthóir Futa Fata, an scríbhneoir agus cumadóir, Tadhg Mac Dhonnagáin.

Glacfar le seisear scríbhneoir ar an gceardlann agus beidh sé d’aidhm aici sé cinn de phictiúrleabhar Gaeilge a fhorbairt a bheas dírithe ar pháistí idir trí bliana agus sé bliana d’aois. Tá súil ag Futa Fata na leabhair sin a fhoilsiú amach anseo.

Ní gá go mbeadh aon rud foilsithe cheana féin acu siúd a bheas páirteach.

Níl aon táille i gceist le páirt a ghlacadh ar an gceardlann agus cuirfear lón ar fáil don trí lá.

Chun cur isteach ar áit ar an gceardlann, cuir ríomhphost chuig ceardlann@futafata.com nó glaoigh ar Futa Fata ag 091-504612 le tuilleadh eolais a fháil.

Tá an cheardlann seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

3.11.08

Duais Cholmcille 2009

Arís i mbliana, le tacaíocht Colmcille, beidh an duais is luachmhaire atá ar fáil do dhán i nGaeilge nó i nGàidhlig á thairiscint ag Féile Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí. Tá príomhdhuais €4,000 á thairiscint, dara duais €2,000 agus triú duais €1,000. Chomh maith leis sin beidh táille léitheoireachta agus taistil €450 ar fáil don dtriúr eile ar an ngearrliosta. Is í an tOllamh Maire Ní Annracháin a bheidh ina moltóir.

Am bliadhna a rithist, le taic bho Colmcille, bi an duais is luachmoire th' ann ga thairgsinn airson bàrdachd ann an Gaidhig no Gaeilge aig Féis Bhàrdachd Eadarnaiseanta Bheal Atha na mBuilli ann an Eirinn. Tha duaisean luach €4000, €2000 agus €1000 gan tairgsinn airson dàn nach eil nas fhaide na 70 loighne. Gheibh trì bàird a bharrachd, a tha air am moladh, tuarasdal leughaidh agus taic siubhail luach €450. Is i an t-Ollamh Maire Ni Annrachain a bhios na britheamh air an fharpais

Latha-deireannach; 22 Faoilleach 2009 Spriocdáta iontrála 22 Eanáir 2009


Foirmeacha iontrála ag http://www.strokestownpoetry.org/ <http://www.strokestownpoetry.org/> nó ón seoladh thíos:-
Strokestown Poetry Festival Office, Béal Átha na mBuillí / Strokestown, Co. Ros Comáin, Éire. Tel: 071 9633759 (thar lear +353 71 9633759)nó 087 2361794 (+353 87 2361794)

30.10.08

Agallamh na Míosa le Proinsias Mac a' Bhaird

Cad as duit?
Is as Árainn Mhór i dTír Chonaill ó dhúchas mé. Chaith mé tamall i mo chónaí i mBaile Átha Cliath agus i gCill Chainnigh. Tá cónaí orm i Leitir Ceanainn san am i láthair.

Cad í an chuimhne is faide siar atá agat ó laethanta d'óige?
Deacair a rá. Baisteadh mo dheirféar is dócha. Thart fá ceithre bliana d’aois a bhí mé ag an am.

Cén chaoi ar chuir tú spéis sa scríbhneoireacht chruthaitheach?
Ba ghnách liom a bheith ag scríobh giotaí beaga thall is abhus ó aois iontach óg. Bhí an t-ádh orm gur tógadh mé i gclann a bhí an-tógtha leis an léitheoireacht agus an scéalaíocht. hInseadh scéalta domh, léadh domh agus ceannaíodh leabhair domh ó aois an-óg. Ní cuimhin liom dul a luí riamh gan leabhar ag taobh na leapa. Bhí mé chomh tógtha sin leis an léitheoireacht go raibh sé nadúrtha, is dócha, go mbainfinn triail as an scríbhneoireacht.
Scéalaithe iontach maith a bhí i mo bheirt athair mór, Frainc Nellie Eoghain agus Joe Mhicí Neid. Ba ghnách leo scéalta a insint domh agus mé ag dul a luí san oíche. Níor thuig mé ag an am an saibhreas cainte agus scéalaíochta a bhí acu ach caithfidh sé go ndeachaigh sé i bhfeidhm orm, mar nuair a chuaigh mé chomh fada leis an choláiste, is sa bhéaloideas is mó a chur mé suim. Bhí an t-ádh orm ansin gur casadh Pádraig Ó Snodaigh orm tráth a bhí mé ag obair i gClub an Chonartha i mBaile Átha Cliath. D’fhoilsigh sé tráchtas a scríobh mé ar bhéaloideas Árainn Mhór don chúrsa MA. Thug sin misneach iontach domh cuid den fhilíocht agus cuid de na scéalta a bhí scríofa agam thar na blianta a chur i gcló.

Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine ag ar mhaith leis tosú ag scríobh?
Bí dílis duit féin. Tosaigh leis an rud atá thart ort, ar a bhfuil taithí mhaith agat. Tá eolas faoin domhan uilig istigh sa tsaol is suaraí. Ansin, nuair atá rud scríofa agat, faigh comhairle. Nuair atá comhairle faighte agat, faigh tuilleadh comhairle. Faigh daoine eile chun do shaothar a léamh agus a gcuid tuairimí a thabhairt duit. Ní gá glacadh le tuairimí daoine eile ach is fiú go mór aird a thabhairt orthu.

Ar chaill tú do mhisneach riamh agus tú i mbun pinn?
Go minic. Thig liom a bheith amscaí agus falsa, tosaím ar rud agus fágaim ar leataobh é arís. Cé go mbím ag scríobh go rialta, bíonn spriocdáta de dhíobhail orm chun barr slachta a chur ar rudaí.

An gceapann tú go bhfuil do phearsantacht féin le feiceáil i do chuid leabhar?
Bheadh sé doiligh ormsa é a thaispeáint duit ach is dócha go bhfuil sé ann - níos mó san fhilíocht b’fhéidir. Nuair a bhímse i mbun próis, bímse ag iarraidh pearsantachtaí éagsúla a chruthú do na carachtair dhifriúla ach is dócha go mbím ag tarraingt ar mo chuid eispéiris féin, pearsantachtaí agus tréithe mo lucht aitheantais agus is dócha mo phearsantacht féin… mo dhearcadhsa ar an tsaol ar an laghad.

Scríobhann tú idir fhilíocht is phrós. An bhfuil cur chuige difriúil agat i leith an dá genre?
Is genres an-éagsúil iad. Tá an fhilíocht i bhfad níos tomhaiste mar ghenre, rud a thaitníonn liom. Is gá achan fhocal a mheas go cúramach, ó thaobh céille, ceoil, rithime agus smaointe de. Chríochnaigh mé dán ar na mallaibh nach bhfuil ach sé líne déag ann ach a bhí ag fás i m’intinn le breis agus deich mbliana. Thriail mé arís agus arís eile é a scríobh ach ní raibh mé ábalta go dtí an samhradh seo chuaigh thart.
Bíonn cúraimí eile ar an scríbhneoir próis. Go pearsanta, níl mórán suime agam sa phrós liteartha. Ní shílim go bhfeicfidh tú saothar próis de mo chuid ar chúrsa litríochta na gcoláistí a choíche, agus tá mise breá sásta le sin. Ficsean éadrom go bhféadfá a léamh ar eitleán nó cois trá is mó a bhfuil dúil agam féin ann agus sin a scríobhaim. Barraíocht oibre domhsa í an ‘litríocht’ a léamh, gan a bheith ag caint ar í a scríobh. Bíonn an plota agus na carachtair tábhachtach domhsa agus prós á scríobh agam. Déanaim iarracht gan teanga ró-dheacair a úsáid agus is maith liom cúpa casadh a chur sa scéal. Fágaim an chlisteacht teanga don fhilíocht.

An gcasann tú ceol?
Ba ghnách liom ceol a bhuaileadh go minic go háirid nuair a bheadh cúpla pionta slogtha siar agam. Casaim go fóill, ach ní minic a chluintear mé! Sin ráite, bíonn mo chlann bodhraithe agam go minic!

An bhfuil carachtar ar leith ón bhficsean a thaitníonn leat?
Hannibal Lecter.

Cá dtéann tú ar saoire?
De ghnáth téim chun an bhaile nuair atá saoire agam. Is múinteoir meánscoile mé agus bíonn neart am saor againn. Caithimid, mé féin is mo chlann, 3 nó 4 mhí gach bliain istigh in Árainn Mhór. Déanaimid iarracht imeacht thar sáile soir uair sa bhliain…An Spáinn, Albain, An Iodáil…

An bhfuil aon phearsa staire a ndeachaigh i bhfeidhm ort?
“I bhfeidhm orm”, níl mé cinnte faoi sin. Tá carachtair ón stair a bhfuil suim agam iontu: Thomas More, Marcus Aurellius, Lorenzo de Medici, Mao Tse Tung, Ghengis Khan, Éamonn de Valera, Socrates, Thomas Cromwell, Peadar Ó Dónaill, Robert de Brús etc. etc. Sílim gur daoine suimiúla a bhí iontu agus d’fhoghlaim mé uathu ach ní thig liom a rá go ndeachaigh siad i bhfeidhm orm ar bhealach a d’athraigh mo shaol. An pearsa staire í an Mháthair Teresa? Casadh orm í agus chuaigh sí i bhfeidhm go mór orm.

Céard é an chéad rud a léann tú nuair a osclaíonn tú nuachtán? Spórt / Teilifís / Nótaí báis…
Ní cheanaím nuachtáin agus is annamh a léim iad.

Ar thaitin an bhunscoil agus an mheánscoil leat?
Bhí dúil mhór agam sa scoil, ach caithfidh mé a rá, ag amharc siar air, nár éirigh liom an bogadh ón bhunscoil go dtí an mheánscoil a láimhseáil go ró-mhaith. Bhí mé óg go leor ag an am agus bhí sé deacair orm socrú isteach sa mheánscoil ar feadh bliain nó dhó. Sin ráite, fuair mé oideachas den chéad scoth ann agus bhí sé de ádh orm gur leagadh béim ar an cheol agus ar an drámaíocht sa scoil, rud a spreag go mór mé. Chuir an scoil béim mhór ar fhreagracht sóisialta agus bhí tionchar mór aige sin orm. Ní hamháin go bhfuair mé scolaíocht mhaith inti ach fuair mé oideachas saoil inti.

Nuair a bhíonn tú faoi bhrú, céard a dhéanann tú chun do strus a mhaolú?
Bhí an t-am ann go dtiocfadh cuid mhór brú agus strus orm ach tá ag éirí níos fearr liom deileáil leo de réir mar a fhaighim taithí ar an tsaol. Creidim go dtarraingíonn muid cuid mhór strus orainn féin sa lá atá inniu ann. B’fhéidir go bhfuil sé mar chuid de nadúr an duine trioblóid a lorg. Tá an oiread rudaí amuigh ansin atá bréagach agus ar bheagthábhacht. Má tá muid ábalta iad a aithint is a sheachaint is sásta a bheas muid. Dar ndóigh tá rudaí nach bhfuil smacht againn orthu a bheireann uaigneas agus buaireamh inár dtreo. Sna hamannaí sin, is maith liomsa dul amach ar an fharraige i mo bhád. Nuair atá an ghaoth ag séideadh i do chluasa agus tú ag díriú d’aird iomlán ar stiúradh báid thar tonnaí, imíonn buaireamh an tsaoil.

Cad is sonas ann, dar leat?

Achan lá a chaithim le mo pháistí agus an chorroíche a chaitheann siad le Nana agus Graindea!

Cad is donas ann, dar leat?
Drochphionta Heineken, Cinnteacht agus Bulaíocht.

Cé hé nó hí an scríbhneoir is fearr leat?
Is é an leabhar Gaeilge is mó a thaitin liom ná Cuaifeach mo Lon Dubh Buí le Séamas Mac Annaidh. Is breá liom cuid filíochta Chathal Uí Shearcaigh agus tá dúil mhór agam fosta i mBrian Ó Nualáin, Lee Child, Glenn Meade, Robert Harris, Thomas Keneally, Séamas Heaney agus mórán eile nach iad.

An bhfuil ainmhithe agat?

Níl. Ach b’fhéidir go bhfuil ainmhí ionam. Coinním smacht mhaith air an chuid is mó den am.

An mbíonn tú ag cócaireacht?
Bíonn, is breá liom í agus tá mé measartha maith aici fosta.

An bhfuil filíocht/prós ar bith idir lámha agat faoi láthair?
Tá. Bíonn filíocht, prós agus drámaíocht á scríobh agam i rith an ama. Le cuidiú Dé (an Snodach?) beidh leabhar do pháistí uaim ar na seilfeanna roimh an Nollaig.

26.10.08

Ceardlanna Scríbhneoireachta!

Éigse Fhilí Chiarraí
Óstán Meadowlands, Trá Lí
Aoine & Satharn, 7–8 Samhain ’08

(le cúnamh ó: Foras na Gaeilge)
Aoine, 7 Samhain 2008, ag 8.00p.m.
Oscailt Oifigiúil, & Léacht
leis an Ollamh Seán Ó Coileáin
‘Dánta Áirithe le Seán Ó Ríordáin’
Satharn, 8 Samhain 2008
10.30am - 1.00pm Ceardlann scríbhneoireachta
le Pádraig Ó Snodaigh, Mícheál Ó Ruairc
& Pádraig Mac Fhearghusa
2.00pm Turas bus ón Óstán Meadowlands
go dtí Ardeaglais Ard Fhearta, Leacht Mhic
Easmainn ag an mBeannach, Lios Mhic
Easmainn, & Dealbh Bhréanainn, an Fhianait.
8.30p.m. Seó Aonair le Gerry Motherway.
Oíche reacaireachta agus fhilíochta dá éis sin.
Tuilleadh eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa, 066-7124169 (feasta@eircom.net)
Nóirín Uí Dhálaigh, Conradh na Gaeilge. 066—7126201

———◊———

Satharn, 29 Samhain 2008, Club an Chonartha,
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Am: 10.30a.m. – 1.00p.m. & 2.30p.m. – 5.00p.m.
Táille Cláraithe ar cheardlanna 20 euro. Mic Léinn 5 euro.
(Lón san áireamh sa táille. Uaslíon rannpháirtithe 10)
Cóipeanna den saothar is mian leat a phlé, dánta, gearrscéal, giota d’úrscéal, dráma nó eile, go dtí: 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí. 066—7124169 (feasta@eircom.net)