Dé Céadaoin, 10ú Márta 2010
Baile arrow Clár
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Clár

Chun liosta de na haoíonna a bhí i láthair roimhe seo a fheiceál cliceál anseo.


Iúil 24 9:30 i.n. – Domhnall Mac Síthigh

http://dannysheehy.com


In éineacht le Poetry Ireland tá an Béal Binn ag cur Domhnall Mac Síthigh, File ó Chorca Dhuibhne, i láthair ar an Déardaoin seo san Ionad Seoltóireachta i mBré.

Is file agus scéalaí é Domhnall ó Chorca Dhuibhne i gCiarraí. Tá rian na farraige, na n-oileán agus sléibhte a áite dúchais le cloisint i ndearca agus i scéalaíocht Dhomhnaill. Chaith sé a shaol ag siúl cosáin is sléibhte Chorca Dhuibhne agus tá seanchas na háite go smior ina cnámha.

Le déanaí sheol Domhnall leabhar agus Dlúthcheirnín in éineacht le Breandán Ó Beaglaoich. Is scéalaí nádúrtha é agus beidh sé ag insint cuid dá scéalta dúinn agus ag léamh roinnt dá chuid filíochta.

Ina fhocail féin:
"Is file, feirmeoir, fear fionnachtain agus údar é Danny/Domhnall Mac Síthigh a rugadh agus a tógadh i gCorca Dhuibhne agus is ann a mhaireann sé. An Ghaeilge a chéadteanga agus tá an Béarla ar a thoil aige chomh maith. Is iomaí turas farraige i bhfad is i gcéin atá déanta aige i mbáid traidisiúnta agus tá an-eolas aige ar chóstaí Chorca Dhuibhne."

Faoina áit chónaithe deireann sé:
"Sí Corca Dhuibhne an leithinis is faide siar san Eoraip. Tá sí ar imeall na hEorpa agus amach óna cósta tá oileáin na mBlascaod. Tá radharcanna mealltacha ar fud na leithinse, tránna geala, sléibhte loma, gleannta glasa agus failltreacha arda atá á síor-chreimeadh ag na farraigí thíos fúthu... is rogha áite é ag lucht ealaíon ar mhian leo dul i ngleic leis an dúshlán gabháil a dhéanamh ar fharraige, dreach tíre agus an solas a athraíonn orthu agus eatarthu."

Mar is gnách beidh ceoltóirí óga Bhré linn chomh maith chun cuidiú le siamsaíocht na hoíche a chur chun cinn.

Tosnóidh an chlub ag a 9:30. Tosnóidh an ceardlann amhránaíochta ag a 8.

Bígí linn a chairde,
Le meas,
Lorcán


Scagaire     Ord     Taispeán # 
Teidil Amais
Iúil 24 2008 469
Slide sa Bhéal Binn 531
Liosta iomlán de na haoinna roimhe seo 1367
 
<< Tús < Ar ais 1 Ar aghaidh > Deireadh >>
Torthaí 1 - 3 de 3
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net