Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Mall arrow Táimse i m' Choladh
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Táimse i m' Choladh PDF Print R-phost

Thug Lorcán MacMathúna an ceardlann ar an 22ú Samhain, 2007.

 

Trathnóinín déanach i gcéin cois leasa dhom
Táimse i m' choladh is na dúistear mé.
Sea dhearcas le m' thaobh an spéirbhean mhaisiúil.
Táimse i m' choladh is na dúistear mé.
Ba bhachallach pearlach dreimreach barrachas
A camfholt craobhach ag tearnamh lei go bhaillechrith
Is í ag caitheamh na saighead trim thaobh do chealg mé.
Táimse i m' choladh is na dúistear mé.

Is a bhuachaillín óg a tógadh go ceannasach,
Táimse i m' choladh is na dúistear mé.
Do chuireadh le foirneart anon thar farraige.
Táimse i m' choladh is na dúistear mé.
Go bhfeicfead an lá do mbeadh ár ar Sasanaigh
Ughaim ar a ndroim is iad ag treabhadh is ag branar dúinn
Gan mise bheith ann mura dteannam an maide leo.
Táimse i m' choladh is na dúistear mé.

Agus éirig' a chlann agus gabhaidh bhur n'airm chughaibh
Táimse i m' choladh is na duistear mé.
Agus leagaidh sa tsrúil gach sgrúile Sasanaigh
Táimse i m' choladh is na dúistear mé.
Mura mairfeadh ach truair bíodh trúip ins gach baile 'gaibh
Ó Charraig na Siúire go Cúis an Daingean thiar
Arduigidh bhur lann tugaidh fogha faoi 's na Sasanaigh
Táimse i m' choladh is na duistear mé.

 
< Ar ais
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net