Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Amhráin Sciopaidh arrow An tSeanbhean Bhocht
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
An tSeanbhean Bhocht PDF Print R-phost
Thug Máire Ní Choilm ceardlann ar an amhrán seo ar an 6ú Nollaig 2007.

Déanfaidh mé teach mór do mo sheanbhean bhocht
Déanfaidh mé teach mór do mo sheanbhean bhocht
Déanfaidh mé teach mór is ceannóidh mé bó di
Ach b'fhearr liom buachaill óg a deir a' tseanbhean bhocht

Ar chuala sibh nó an bhfaca sibh mo sheanbhean bhocht
Ar chuala sibh nó an bhfaca sibh mo sheanbhean bhocht
Chonaic muid ar a' mhargadh í 's í ag cuntas a cuid airgid
Is buachaill as na Cealla 'bhaint dealg as a cois

Cad é do ghnóithe ag geabaíneacht a sheanbhean bhocht
Cad é do ghnóithe ag geabaíneacht a sheanbhean bhocht
Cad é do ghnóithe ag geabaíneacht 's gan fiacal i do chab agat
Ó go dtógfaidh an rí an t-eallach uaim a sheanbhean bhocht

Is trua gan tú sa mhuileann agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa mhuileann agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa mhuileann agam 's do dhroim le sac na mine agam
Nár dheas a toirtín muilleora a dhéanfadh an tseanbhean bhocht

Is trua gan tú sa bhád agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa bhád agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa bhád agam 's do dhá chois in airde agam
Nár dheas na maidí rámha a dhéanfadh an tseanbhean bhocht

Is trua gan tú sa chéarta agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa chéarta agam a sheanbhean bhocht
Is trua gan tú sa chéarta agam is cruitheacha ar so shál agam
Nár dheas a' capall rasa a dhéanfadh an tseanbhean bhocht

 

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net