Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Mall arrow Tiocfaidh an Samhradh
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Tiocfaidh an Samhradh PDF Print R-phost

Thug Máire Ní Choilm ceardlann ar an amhrán seo ar an 6ú Nollaig 2007.

Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar
Tiocfaidh an duilliúr glas ar bharr na gcraobh
Tiocfaidh mo rúnsearc le bánú an lae
Agus buailfidh sí tiún suas le cumha 'mo dhiaidh

Is óg 's óg a chuir mé dúil i ngreann
Do dhéanfainn súgradh le mo rún ar faill;
Níl baile cuain ar bith a ngluaisfinn ann,
Nach bhfaighinn maighdean óg dheas a shiúltadh liom

Brón ar an fharraige mar 's í tá mór
'Sí tá gabháil idid mé a's mo mhíle stór
D'fhág sí ar an bhaile seo mé a' déanamh bróin
'S gan aon tsúil chasta agam a choiche níos mó

Scairt me aréir ag an doras thall
Scairt mé arís ar mo ghrá go teann
'Se dúirt a daidí liom nach raibh sí ann
Ná gur éalaigh sí aréir leis an bhuachaill donn

Shiúil mé thoir agus shiúil mé thiar
Shiúil mé Corcaigh agus Baile Átha Cliath
Shiúil mé an baile seo faoi dhó le bliain
A dh'iarraidh mo stóirín 'bhain díom mo chiall

Leagan le Gearóidín Bhreatnach

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net