|
Thug Micheál Ó Confhaola ceardlann ar an amhrán seo ar an 27ú Samhna 2007. Is thíos ag an tobar sea chuir mise an fáinne amú, Sea dhearc mé an ainnir ba dheise 's ba bhréachta snó. Bhi a grua thrí lasadh 's a leicne mar bhlath na n-úll, 'S má dhearc sise mise, níor lig sí mo shláinte liom. Ó 's dhá mbeadh fhios a'm fhéin aréir go riabh tú le theacht, Óra d'osclóinn an doras 's ligfinn tú féin isteach, Chóróinn do leaba 's luífinn in éineacht leat, Is bhainfinn póg mhilis taobh amuigh go do bhéilín deas. 'S a tháilliúr an mhagadh ní phósfaidh mé thú mar fhearr, Ach pósfaidh mé an fear úd a thógfas go h-ard mo theach, Iséiríos ar maidin is chraitheas an síol i gceart, 'S nach a suífidgh cois dorasi ag feadaíl nó ruaigeadh cearc. Is a tháilliúirín suarach cé phósfaidh tú fhéin mar fhear, 'S do chuid loirgine dóite 's tú ag imeacht ó theach go teach. Cur síos ar na comharsan 's an té úd nach dtaitneodh leat, 'S mac Duach 's Mac Dara 's go ngreamóidh do thóin don hob. San áit a mbíonn foscadh bíonn fothadáin ann is féar, Bíonn ceol binn na mbeacha baint meala de bharr na gcraobh, Bíonn an bradán ag preabadh 's breac geal ag snámh go réidh, 'S mo ghrása faoi leatrom ag fear eile le fáinne an lae.
|