|
Thug Micheál Ó Confhaola ceardlann ar an amhrán seo ar an 29ú Samhna 2007. Thug Joe John Mac Con Iomaire ceardlann ar an amhrán seo ar an 13ú Meán Fómhair 2007. Dá mbeinn trí léig i bhfarraige Nó ar shléibhte i bhfad ó thír 'S gan aon neach beo bheith i mo ghaobhar Ach an riathneach glas 's fraoch An sneachta á shéideadh anuas orm 'S an ghoath á fhuadhach díom, Ach mé a bheith ag comhrá le mo Teaimín Bán 'S níorbh fhada liom an oíche 'S a Mhuire dhIlis, céard a dhéanfas mé Tá an geimhready seo 'teacht fuar A Mhuire Dhílis, céard a dhéanfas mé An teach seo is a bhfuil ann? Dá mba thusa féin a d'imeodh Agus mise fanacht beo. Nach gcóireoinn do chuid clainne duit D'oíche is de lá. Dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam An oíche a bhfaighinnse bá, Nach dtóróidís go fiúntach mé Trí oíche agus trí lá, Bheadh píopaí fada cailce acu Na ceagannaí ar fad a bheith lán Is bheadh triúr ban óg isteach Le mé a chaoineadh os cionn cláir Agus gearraigí amach mo chónra dom As fíorscoth gheal na gcrann. 'S má tá Seán Ó hEidhinn beo i Maínis Bíodh sé déanta as lamh. Bíodh mo chaipín 's mo ribín geal orm 's iad go ródheas ar mo cheann, 'S tabharfadh Páidín Mór go Maínis mé Nó is garbh a bheidh an lá. Ag dul siar le hInse Ghainimh dúinn Beidh an fharraige ag éirí ard. Ná cuirigí í Leitir Calaidh mé mar is ann nach bhfuil mo dhream. Ach tóigí siar go Maínis mé San áit a gcaoinfear mé go hárd Beidh soilse ar na dumhchannaí 'S ní bheidh uaigneas orm ann. Seo Áine Ní Dhroighneáin
|