|
A chairde Gael, Tá roinnt athrú ar an scéal maidir le Déardaoin beag seo, and 20ú Nollaig. Is bocht an scéal é, ach ní féidir le Jimi Ó Ceannabháin a bheith inár dteannta le Corn na bhFear an seachtain seo. Bhuail droch slaghdán air le gairid agus deir na dochtúirí go bhfuil scíth ag teastáil uaidh. Tá súil a' Dia againn go dtiocfaidh biseach air go luath agus le cúnamh Dé beidh sé linn sa chlub sa mbliain nua. Mar is gnáth beidh ceardlann amhráin againn idir 8-9. Don chlub, beidh muid ag diriú isteach ar amhráin Joe Einniú. Tá an tádh linn go mbeidh an leabhar nua galánta faoi Joe Einniú, a scríobh Liam Mac Con Iomaire, Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche le fáil sa chlub, agus é ar fáil ar phraghas speisialta don oíche, 30euro. Tá an seod aoibhinn seo le fáil ó Cló Iar Chonnachta ag http://www.cic.ie/product.asp?idproduct=1168 Beathaisnéis Sheosaimh Uí Éanaí, nó Joe Éinniú, an t-amhránaí sean-nóis is mó le rá san fhichiú haois. Sa leabhar seo faighimid léargas ar an saol a chaith Seosamh agus mar a chaith an saol sin leis. Sa leabhar baineann Liam Mac Con Iomaire leas as agallaimh a rinne sé le go leor de chairde agus de lucht aitheantais Sheosaimh le cur leis an insint; orthu sin tá Peggy Seeger, Ronnie Drew, Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, Tomás Mac Eoin, Michael Mháire an Ghabha Ó Ceannabháin, Liam Clancy, Tom Munnelly, John Faulkner, Joe Burke, Mick Moloney, Michael Davitt, Gabe Sullivan, Tony MacMahon agus Paddy Glackin. Tá cur síos ann ar óige Sheosaimh, ar an tréimhse a chaith sé i Sasana sna caogaidí, áit a mbíodh sé ag casadh sna folk clubs, ar na hOícheanta Seanchais sa Damer, ar rabharta mór na mbailéad i mBaile Átha Cliath sna seascaidí nuair a bhíodh Seosamh go seasta Tigh Donoghue, agus ar a sheal i Meiriceá, áit a ndeachaigh sé ag teagasc in dhá ollscoil agus áit ar bronnadh an National Heritage Award for Excellence in Folk Arts air, an gradam is airde i Meiriceá d'ealaíontóir tíre. Cailleadh i Seattle i 1984 é. Leis an leabhar tá dlúthdhiosca iomlán nua d'amhrán nár eisíodh riamh cheana. Is ó bhailiúchán Phroinsias Mhic Aonghusa, atá anois i seilbh RTÉ, a bhformhór.
Chomh maith le sin, beidh roinnt soláistí againn sa chlub, i gcomhair na Nollag. Ba mhaith liom sibh a chur ar an eolas fresin maidir leis An Bhliain Nua agus Club An Bhéil Bhinn. Beidh an chéad chlub eile againn ar an 10ú Eanair. Is mór an onóir dhom insint dhaoibh go mbeidh buaiteoir Corn na mBan, Maireád Ní Fhlátharta mar aoí speisialta sa chlub don chéad oíche arais sa bhliain 2008! Ar ndóigh beidh muid ag líonadh an corn an oíche céanna, agus beidh an ceardlann againn roimh ré. Ar an 17ú Eanair, beidh an tamhranaí iontach cáiliúil agus buaiteoir Chorn Uí Riada, Sarah Griallais inár measc. Arnú tá cliú agus cáil ar Sarah timpeall na Cruinne maidir lena cuid amhranaíochta, agus neart ceardlann sean-nóis tugtha aici agus moltóireacht déanta aici ar na hamhráin. Ar an 24ú Eanair beidh an rogáire dubh é fhéin, Lorcán Mac Mathúna i bhfeidhil ar an chlub. Mar aoí speisialta beidh an sár-fhile Louis dePaor sa chlub chun a saothar a chuir i láthair dhúinn. Ar an 31ú Eanair, is ar amhráin Tír Chonaill a bheidh muid ag diriú nuair a thiocfas Brian Ó Domhnaill ar chuairt orainn sa chlub, le cúnamh Dé. Bígí linn más féidir libh é, agus beidh time againn! Nollag faoi shéan is faoi shonas dhaoibh go léir agus gach dea ghuí i gcóir na hAth bhliana! Róisín
Diarmuid Breathnach ag bronnadh Gradam An Bhéil Binn ar Phádraig Ó Fearaíl 6ú Nollaig 2007. Bhí oíche fíor speisialta againn an tseachtain seo caite, nuair a bhronnadh Gradam an Bhéil Bhinn ar fhear mór na Gaeilge Pádraig Ó Fearaíl. Is ar Phádraig a buaileadh tinfeadh Dé nuair a smaoinigh sé ar rud ar nós An Béal Binn a chur ar siúl. Is é Diarmuid Breathnach, cara mór leis An mBéal Binn, a rinne an bronnadh.
|