|
Cumtha ag Micheál Ó Tuama thart ar 100 bliain ó shin. Thug Lorcán MacMathúna ceardlann ar an amhrán seo ar an 13ú Nollaig 2007. An bhfacair-se Seán ó bharr a'chnoic 'S é 'r leic a'tinteáin 's é 'rince jig Do dheineadh sé gleo le cleaganna nó (nua) A tháinig an treo seo ó Cheann Toirc Agus ó bheann a'tí, cad é n'bhuairt sin ort.
Do bhíodar 'na mbróga gleoite deas' Go cluthar compórdach, thar meoin le teas Níor bhfearra dhuit clúmh mar cneastacht faoi d'bhun (bhonn) Na péire breá cúmtha 'cú siúd a bheidh art, Agus ó bheann a'tí, cad é n'bhuairt sin ort. Bhí leigheas na mílte aicíd iontu Do scaipfeadh gall mhoill liathbhuí nó triuch Do chuirfeadh chun fáin crampí 'gus fuachtáin Is mórán eile gearáin ná h-áirím díbh Agus ó bheann a'tí, cad é n 'bhuairt sin ort. Ní cuileann ná draighean a bhí na'mbonn Ach píosa breá deil a bhi éatrom úr Bhí teanga bhreá shleamhain do craiceann óg gamhain Nár gearradh ró ghann, sé mo lom nach liom iad Agus ó bheann a'ti, cad é n'bhuairt sin ort. Bhí péire 'cú siúd ag Fionn fadó 'S mó cnoc is sliabh cúm do shiúlaig leo Is mó cathair do thóg le buille dá bhróig Do chuirfeadh chun sceoin na slóite fear Agus ó bheann a'tí, cad é n'bhuairt sin ort.
Cluthar: shelter Clúmh: cleite Cneastacht: healing Cúmtha: néata/álan handsome Aicíd: tinneas Liathbhuí: jaundice Triuch: whooping cough Ghann: Caoi Lom: tá sé gann Cúm: sliabh atá cuarach seachas dromach Sceoin: tubaiste
|