Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Amhráin Sciopaidh arrow 'Sí Do Mhaimeo Í
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
'Sí Do Mhaimeo Í PDF Print R-phost

Thug Joe John Mac Con Iomaire ceardlann ar an amhrán seo ar 13/9/07.

Curfá
'Sí do mhaimeo í, 'sí do mhaimeo í
'Sí do mhaimeo í, Cailleach an Airgid.
'Sí do mhaimeo í ó Bhaile Iorrais Mhóir í
Is chuirfeadh sí cóistí ar bhóithre Chois Fharraige.


Dá bhfeicfeása an steam 'gabháil siar Tonn Uí Fhloinn,
Is na rothaí 'dul timpeall siar óna ceathrúnaí,
Chaithfeadh sí an stiúir naoi n-uaire ar a cúl,
Is ní choinneodh sí siúl le Cailleach an Airgid.

Curfá

Measann tú 'bpósfa, measann tú 'bpósfa,
Measann tú 'bpósfa Cailleach an Airgid?
Tá 'fhios a'm nach bpósfa, tá 'fhios a'm nach bpósfa
Mar tá sé ró-óg agus d'ólfadg sé an t-airgead

Curfá

Is gairid go bpósfa, is gairid go bpósfa,
Is gairid go bpósfa beirt ar an mbaile seo,
Is gairid go bpósfa, Is gairid go bpósfa,
Seán Shéamais Mhóir agus Máire Ní Chathasaigh

Leagan le Celtic Woman

Leagan le Aoife Murray

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net