Róisín Elsafty & Mairéad Ní Fhláratha, buaiteoir Chorn na mBan 2007.
Ba mhaith liom sibh a chur ar an eolas maidir leis An Bhliain Nua agus Club An Bhéil Bhinn. Ar an 17ú Eanair, beidh an tamhranaí iontach cáiliúil agus buaiteoir Chorn Uí Riada, Sarah Griallais inár measc. Arnú tá cliú agus cáil ar Sarah timpeall na Cruinne maidir lena cuid amhranaíochta, agus neart ceardlann sean-nóis tugtha aici agus moltóireacht déanta aici ar na hamhráin.
Ar an 24ú Eanair beidh an rogáire dubh é fhéin, Lorcán Mac Mathúna i bhfeidhil ar an chlub. Mar aoí speisialta beidh an sár-fhile Louis dePaor sa chlub chun a saothar a chuir i láthair dhúinn.
Ar an 31ú Eanair, is ar amhráin Tír Chonaill a bheidh muid ag diriú nuair a thiocfas Brian Ó Domhnaill ar chuairt orainn sa chlub, le cúnamh Dé.
Bígí linn más féidir libh é, agus beidh time againn! Nollag faoi shéan is faoi shonas dhaoibh go léir agus gach dea ghuí i gcóir na hAth bhliana!
Róisín
Diarmuid Breathnach ag bronnadh Gradam An Bhéil Binn ar Phádraig Ó Fearaíl 6ú Nollaig 2007. Bhí oíche fíor speisialta againn an tseachtain seo caite, nuair a bhronnadh Gradam an Bhéil Bhinn ar fhear mór na Gaeilge Pádraig Ó Fearaíl. Is ar Phádraig a buaileadh tinfeadh Dé nuair a smaoinigh sé ar rud ar nós An Béal Binn a chur ar siúl. Is é Diarmuid Breathnach, cara mór leis An mBéal Binn, a rinne an bronnadh.
|