|
Feidhmeannach Nua Cheaptha an An Béal Binn |
|
|
|
Róisín Elsafty agus coiste An Béal Binn agus Róisín ag fagáil slán 17ú Eanáir, tar éis ocht mhí dhéag mar fheidhmeannach an Bhéil Bhinn. "Bhí sé de phribhléid agam casadh le scoth an phobail i mBré agus thart timpeall Bhré. Ach tá sé ar intinn agam agus ag mo chlann beag ár naghaidh a thabhairt ar Chonamara, agus ar saol nua ansin," a dúirt Róisín.

Rugadh Anna Ní Thuama i gCluainsceach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Is í an té is óige do naonúr í Anna. D'fhreastal sí ar Scoil Mhuire, Sráid Maolbhríde, don bhunscolaíocht agus is ar gColáiste Íosagáin a chaith sí a cuid meánscolaíochta. Duine de na bunaitheoirí Gaelscoil Lios na nÓg, áit ar mhúin sí dramaíocht agus ceol. Tá taithí gairmiúla aici le roinnt blianta anuas ag saothar le eagraíochtaí Gaeilge, ina measc Gaelscoileanna, Glór na nGael agus, le déanaí, Comhluadar.
Ní cuimhin le hAnna riamh an tig inar tógadh í bheith gan ceol. Ceoltóirí éagsúla, idir cháiliúil agus nach iad, ag máireeáil isteach. "Is ceoltóirí agus amhránaithe sinne go léir," a dúirt sí. "Ní raibh aon dul as againn, agus nach bhfuil an t-ádh liomsa dá bharr."
B'aisteoir a hathar Séamus Ó Tuama. Bhí sé páirteach i nDrámaí ar an Damer agus bhí sé sa ngrúpa drámaíochta na Strand Players. Róisín Ní Shéaghadha a máthair, cruitire cháiliúil. B'fhéidir go mbeadh cuimhne níos fearr ag daoine uirthi toisc gurb í Mamó ag seinnt na cruite i gclár do phaistí darbh ainm "Dílín Ó Deamhas" sna seachtóidí ar RTÉ.
Tá Anna ag tnúth go mór leis an dúshlán atá roimpi sa phost nua. "Braithim go bhfuil deis iontach ann forbairt a dhéanamh ar na hEalaíona Béil i mBré agus na ceantair máguaird, agus níl aon dabht ná go bhfuil éileamh ann ón bpobal d'imeachtaí Gaeilge ilghneitheach atá tarraingteach agus mealltach.
|