|
Caisleán Uí Néill Thug Ciarán Ó Con Cheanainnceardlann ar an amhrán seo ar an 21ú Feabhra 2008 Céad slán dhon oích' aréir, 's é mo léan gan í anocht ina tús, leis an mbuachaillín spéiriúil a bhréagfadh mé seal ar a ghlúin; ó chuir tú orm t' éaradh, a mhíle céad ghrá, ní leatsa mo rún, ach céad faraor géar, tá na sléibhte a' góil eadar me 's thú. Tá an gairdín seo ina fhásach, a mhíle grá bán, nó an miste leat é? níl toradh ar bith a' fás ann, bláth na n-áimí ná duilliúr na gcraobh; ní chluinim ceol cláirsi a' góil an tsráid seo ná ceol binn na n-éan, ó d'éalaigh mo ghrá uaim, cúilín álainn, go CaisleánUí Néill. Is i gCaisleán Uí Néill atá an péarla bhain díomsa mo ghrá, go dtug mé fhéin spéis dhó, 's é mo léan géar, i ngan fhios dhon tslua; ar theallach a' tí mhóir 'sea chónaíonns is chodlaíonns mo ghrá, is a shamhail níl le fáil ach an réalt eolais atá ar an mbaile údaí thall. Is i gCaisleán Uí Néill atá an péarla bhain díomsa mo shnua, 's, gur le binneas a bhéilín théanns éanlaith na coille chun suain; 's é an tsamhail a bhéarfainn dá mhéin bhreá ' s do leagan a shúl, mar fhíoruisce an tsléibhe ' s ag éalú ar maidin sa drúcht. Ó d'aithneoinn mo stóirin 's é a' góil trí shiopaí Bhleáth' Cliath, is d'aithneoinn arís é 's é a' góil tríd an mbaile údaí thiar; dá mba liomsa Tír Eoghain, cé gur mhór i le tairisc mar spré, b'fhearr liomsa bheith pósta le mo stóirin i gCaisleán Uí Néill. Ba mhilse liom do phóigín ná an rós a thaganns ar bhláth, ‘s le cumha mór i ndiaidh mo stóirín ní mó ná go gcodlaím féin tráth; bliain 's an oích' aréir 'sea réab na capaill an fál, is chuaigh siad le léim, 's é mo léan géar, amach insan snámh. Nil cnocán dá aeraí, a mhíle céad grá, nach n-aithneoinn do shiúl, is níl maighdean dá chéillí, , s é mo léan, nach dtéann uirthi an chluain; tá mo mhuintir dhom thréigean; is níl éinne a' tíocht chugam ar cuairt, agus mo ghrása dhom shéanadh le céile fir eile 's nach trua! Ta long ar an gcéibh seo, is bhéarfaidh sí mise dhon Spáinn, ‘s má fhillim anuas go héag, bhéarfad féirín abhaile ag mo ghrá; mar níl tuile dá mhéad nach ndéanann seal tamall ar trá, 's níl ann ach lucht bréag 's cé déarfadh nach bhfillfeadh mo ghrá
|