Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Amhráin Sciopaidh arrow Rosc Catha na Mumhan
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Rosc Catha na Mumhan PDF Print R-phost

Rosc catha na mumhan
Thug Lorcán MacMathúna ceardlann ar an amhrán seo ar an 28ú Feabhra 2008


D'aithníos féin gan bhréag ar bhfuacht
S' ar anfhaithe théitear taobh le cuan
Ar chanadh na néan go séirseach suairc,
Go gearfadh mo shéasar glé gall ghruaim
Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim
S' dá maireann go dúbhach de chrú na mbuadh,
Torann na dtonn le sleasaibh na long,
Ag tarraingt go teann n'ár gceann ar chuaird.

Tá lasadh sa ngréin gach lae go neóin,
Ní taise don rae, ní théideann fé neól,
Tá barra na gcraobh ag deanamh sceóil,
Nach fada bheidh Gaedhil i ngéibheann bróin
Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim
S' dá maireann go dúbhach de chrú na mbuadh,
Torann na dtonn le sleasaibh na long,
Ag tarraingt go teann n'ár gceann ar chuaird.

Is annamh dam maidin ar amharc an laoi,
Ná bainim chum reatha go faraige síos
Mo dhéarca an leathadh ag faire do shíor
Ar bharcaibh an faraige ag gearradh na shlighe
Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim
S' dá maireann go dúbhach de chrú na mbuadh,
Torann na dtonn le sleasaibh na long,
Ag tarraingt go teann n'ár gceann ar chuaird.

Cruinnigh gach duine d'fhuil Míleadh tréan
Go ruitheann na chuisle den bhfior fhuil braon
Do mhilleadh le dlighte do chrádhach le claon
Go mbuailfidh sé buille le báire 'n tséin
Measaim gur subhach don Mhumhain i gcéin
S' dá maireann go dúbhach de chrú na dtréan,
Torann na dtonn le sleasaibh na long,
Ag tarraingt go teann n'ar gceann le faobhar

Séirseach: joyous
Suairc: panting
Subhach: glad
Glé: glad
Chrú na mbuadh: the slaughter of battle
Taise: fade/swoon
Rae: gealach
Neo1: scamal
Sceo1: scéal
Déarca: eyes
Báire 'n tséin: a prosperous dawn
Faobhar: airm géara

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net