|
Thug Mairéad Ní Fhlaratha ceardlann ar an amhrán seo ar an 10ú Eanáir 2008. Curfá Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ni BhruinneaJla. A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom
Ní iarrfainn de spré le Sadhbh Ni Bhruinnealla ach Baile Inis Gé is cead éalú ar choinníní
Curfá
Fear maith i mbád mé togha fear iomraimh Fear sIuaisid’ is laí ar dhá cheann an iomaire.
Curfá
Máistir báid mhóir mé a’ gabháil ród na Gaillimhe D'fhliuchfainn naoi bhfód is ní thóigfinn aon fharraige.
Curfá
Máistir báid mhóir go deo n ghlacfad, Nuair a fhaigheann said an chóir ‘sé is dóich nach bhfanann siad.
Curfá
Mhionnóinn naoi n-uaire ar leabhar mór an Bhairéadaigh Nach scarfainn go deo le Sadhbh Bhruinnealla
Curfá
Níl falach j gcabhail ar Shadhbh Ni Bhruinnealla, Ach seanchóitín donn gan cabhail gan muinchille.
Curfá
Nuair a théimse 'un an chomhra ag comhaireamh an airgid Bíonn an iníon is an bhean is iad caillte Ie gean orm.
Curfá
Nuair a thiocfas lá breá ‘gus an ghaoth ón bhfarraige Tabharfaidh mé Sadhbh liom go céibh na Gaillimhe
Curfá
Ora a Shadhbh a Shadhbh Ní Bhruinnealla, A chuisle is a stóirin, ba rí-mhaith dhuit mise agat
Curfá
Leagan le Róisíc Chambers
Leagan le Liam Ó Maonlaí
|