Thug Lorcán MacMathúna ceardlann ar an amhrán seo ar an 3ú Aibreán 2008.
Tá mo chroíse go tláth lag, i lár mo chuid saothair, Tagann lántocht i mo chléibhse, cé nár mhéin liom é rá Tá an díbirt i ndán dom ó bhánbheannaibh Éireann Is fánach mo shaolsa is is déireach mo chás Is chuimhin Ijom an tráth úd, a ghrá ghil na nae-istigh Thugas grá searc is géilleadh do do chaomhroisc thar cách. A rí ghil na nárann, dob fhearr Ijom go n-éagfainn I láthair mo ghaolta is mo Bhuachaillín Bháin
Ta críoch inis Fáilbhe go Ián fada i ndaorbhroid Go cráite, go céasta, i ngéibheann na namhad Nó an fíor nach foláir duit go brách bheith go déarach A oileáin bhig mhaorga, na naomh is na mbard Ó ghúimse go hard ar an ard athair Naofa Chun ár is léirscrios a dhéanamh ar Sheán Do dhíbir na táinte thar sáile ina gcéadta Is chuir fán orm féinig ó mo Bhuachaillín Bán
Lántocht: lagar chroí an díbirt: exile deireach: deorach nae-istigh: chroí grá searc: grá iomlán chaomhroisc: chailín álan thar cách: thar gach duinne eile Árann: mothúchán inis Fáilbhe: inis fail- sean ain mar Eireann daorbhroid: gruaim géibheann: faoi smacht mhaorga: uasal dignified ár: slad léirscrios: scrios iomlán Sheán: john bull Táínte:herds - sa tseansaol ba é sea tomhas saibhreas.
|