|
Thug Treasa Ní Cheannabháin ceardlann ar an amhrán ar an 20ú Nollaig 2007 Agus scríobhfainn agus léifinn leabhar Gaeilge cé gur milis a bhlas 'Gus dhéanfainn céachta Gaelach a réabfadh an iomaire glas Dhéanfainn teach téagair do mo chéad-searc is bhréagfainn í seal Ach fear ar mo thréithre níorbh fhéidir nó d'éalódh leis bean. 'S nár fhágha mé bás choíche nó go gcaithe mé dhíom an mí-ádh, Go mbeidh bó againn is caoire 's mo mhian ar na mbaile údan thall. Tá bean óg san tír seo cur eadrainn gach aon dara lá Ach nár fhagha sí bás choíche go mbeidh sí ag caoineadh agus mise ag mo ghrá. Tá né 'mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir, Ag cur na tine seo síos do mhian is dá fadú liom fhéin. A Mhuire 's a Chríost nach cloíte le n-aithris mo scéal Tá na coiligh ag glaoch 's Rinn Mhaoile ina gcodladh ach mé fhéin. 'Gus tá siad dá rá gur tú sáilín socair i mbróig, Agus tá siad dá rá gur tú béilín milis na bpóg Tá siad dá rá a mhíle grá go dtug tú dhom cúl, Ach nár fhágha siad na grásta má fhaigheann aoin fhear eile uaim thú. 'Gus gheobhaidh mé bás le grá do leagan do shúl, Agus gheobhaidh mé dhá bhás le grá don chois atá fút, Gheobhad trí bhás má fhaigheann aoin fhear eile uaim thú, A chúl taitneamhach gan smál, mo chrá má cheilimse thú.
|