Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Mall arrow Coinnleach Ghlas an Fhómhair
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Coinnleach Ghlas an Fhómhair PDF Print R-phost

Thug Róisn Elsafty ceardlann ar an amhrán seo ar an 2ú Samhna 2006.
Thug Josie Sheáin Jeaic Mac Donnachadha ceardlann freisin ar an 11ú Deireadh Fómhair 2007.

'S nach ar choinleach ghlas an Fhómhair, a mhúirnn, sea dhearc mé thú
Ba deas é do sheasamh i mbróigín is ba ró dheas é do leagan súil,
Do ghrua ba deirge ná an rósa, 's bhí do chúilín fite i dlúth,
'Sé mo léan gan mé 's thú pósta, 's ar bhord loinge a dul anonn.

Agus cuirimse mo bróin ar an óig bhean nár fhan mar a bhí,
'S nach a deas mar a chasfainn ceoil dhí, chuile oíche Dhomhnaigh 's mé ag tuaradh lín
A com ba ghile 's ba míne ná na síoda 's ná clúmhach na néan
'S nach trom é an osna a nímse 's an am a smaoiním ar mo mhúirnín fhéin.

'Gus a Mháire a dtug mé grá dhuit, sé mo léan ghéar gan mé 'gus tú,
Ar oileáinín rúin Phádraic áit nach snámhann ann bád ná long
'S óra chaithfinnse naoi lá leat naoi dtráth gan codladh cúin
Ar shúil 's go bhfaighinnse sásamh ar a ndearna tú do mhagadh fúm.

Agus chuir mise litir scríofa chuig mo ghrá bán is casaoid chrua
'S nár a chuir sí'am arís í 's bhí mo chroí istigh chomh dubh le gual
Nuair a léigh mé í go cuaramach 's bhí na deora ag sileadh liom
Ach mí ní beo mé mura bpósadh mé ainnir go gcuach.

Agus cheannaigh mé buidéal réice dhom fhéin 'is do mio mhíle stór
Le beannachtaí a chur leí cúl croabhach na bhfainní óir
Ach a deoir níor bhlais a béal bdhi 's nár a mhéádaigh sin ar m'osna go mór
Ach a ghrianáinín ban Éireann, i do dhiaidhse ní bheidh mé beo.

'S nach a cuma liomsa fhéin céard a bhéas aon fhear a luáigh ná rá
Ach a dtabharfaidh mé cuairt is céad ar an taobh dhíom ina mbíonn sí ann
Mar sí cuaichín bharr na gcraobh í sí meidhreoigín an bhrollaigh bháin
'Sí rún is searc mo chléibh í 'is ní shéanadh í nó go bhfaigh mé bás

Seo Eileen Ní Chongaile ar TG4 

Leagan eile le Maria McCool 

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net