|
Thug Lorcán MacMathúna ceardlann ar an amhrán seo ar an 10ú Aibreán 2008. A Pheadair a aspail an bhfaca tú mo ghrá bhán? Ochón is ochón ó Chonaic mé ar barr é is é dhá chéasadh in airde Ochón agus ochón ó
Cé hé an fear breá sin ar chrann na páise? Ochón is ochón ó An é nach n-aithníonn tú do mhac a mháithrín? Ochón agus ochón ó
An é sin an maicín a diompair mé trí ráithe? Ochón is ochón ó Nó an é sin an maicín a rugadh in san stábla? Ochón agus ochón ó
An é sin an maicín a hoileadh in ucht Mháire? Ochón is ochón ó A mhicín mhuirneach tá do bhéal is do chróinín geartha Ochón agus ochón ó
Agus crocadh suas í ar ghuaillní arda Ochón is ochón ó Agus cathadh anuas í ar leacrachaí na sráide Ochón agus ochón ó
Ó buailigí mé féin ach ná bainí le mo mhaithrín Ochón is ochón ó Ó maróidh muid thú féin agus buailfidh muid do mháithrín Ochón agus ochón ó
Agus cuireadh táirní maola thrína chosa 's thrína lámha Ochón is ochón ó Agus cuireadh an tsleá thrína bhrollach álainn Ochón agus ochón ó
Gaibhaigí a dhá Mhuire go gcaoinfidh muid mo ghrá geal Ochón is ochón ó Céard tá le caoineadh a'inn, muna gcaoinfidh muid a chnámha Ochón agus ochón ó
Ó éist a mháthair agus ná bí cráite Ochón is ochón ó Tá na mná mo chaointe le breith fós a mháithrín Ochón agus ochón ó
Is a bhean atá ag gol de bharr mo bháise Ochón is ochón ó Beidh na céadta inniu i ngairdín phárrthais Ochón agus ochón ó Leagan le Iarla Ó Lionáird
Leagan le Joe John Mac Con Iomaire
|