Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Amhráin Sciopaidh arrow Mo Cheallachín Fionn
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Mo Cheallachín Fionn PDF Print R-phost

Thug Róisín Elsafty ceardlann ar an amhrán seo i 2007. 

Bád beag is bád mór bád beag is bád mór
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór Bád beag is bád mór
Is loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn

Óra chuaigh sé rith geallta, chuaigh sé rith geallta
chuaigh sé rith geallta mo Cheallachín Fionn,
chuaigh sé rith geallta i sliogáinín bairneach
Is bhuach sé trí gheall mo Cheallachín Fionn

‘Goil soir Cara Fhoinse ‘goil soir Cara Fhoinse
‘Goil soir Cara Fhoinse sea chaith sé a stiúr
‘Goil soir Cara Fhoinse ‘goil soir Cara Fhoinse
‘S ní phósadh sé anois nó go bhfaigh sé bád nua

‘S nacha fada uaim siar é? ‘S nacha fada uaim siar é?
‘S nacha fada uaim siar é mo Cheallachín Fionn?
‘S nacha fada uaim siar é ní fheicfidh mé mbliana é
‘S go seoladh Dia aniar é mo Cheallachín Fionn.

Tá capall is carr,  tá capall is carr,  
Tá capall is carr i nGaillimh le mí
Tá capall is carr,  tá capall is carr,  
Ag iarraidh glas bainse don Cheallachín Fionn

Ag bun Chruaich na Caoile, ag bun Chruaich na Caoile,
Ag bun Chruaich na Caoile is ea stríocanns na báid,
Ag bun Chruaich na Caoile, ag bun Chruaich na Caoile,
Agus siúd é siar Green, ‘s tá bratach ina chrann.

Ag tóin Scéirde Mór, ag tóin Scéirde Mór,
Ag tóin Scéirde Mór tá soithigh mo lao,
Ag tóin Scéirde Mór, ag tóin Scéirde Mór,
Is raiceáladh ceann acu is tháinig sí i dtír.

‘S nacha fada uaim siar é? ‘S nacha fada uaim siar é?
‘S nacha fada uaim siar é mo Cheallachín Fionn?
‘S nacha fada uaim siar é ní fheicfidh mé mbliana é
‘S go seoladh Dia aniar é mo Cheallachín Fionn.

Bád beag is bád mór bád beag is bád mór
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór Bád beag is bád mór
Is loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn

Óra máistir báid mhóir é, óra máistir báid mhóir é,
Óra máistir báid mhóir é, mo Thomaisín Green,
Ní chraitheann sé an smól ach oibríonn sé an scód,
‘S nach shin drochmheas mór ar do Cheallachín Fionn

‘Sé Páidín na hAirde, ‘sé Páidín na hAirde,
‘Sé Páidín na hAirde a chuir clár ina taobh,
‘Sé Páidín na hAirde, ‘sé Páidín na hAirde,
‘Gus rigeáil sé amach í don Cheallachín Fionn.

‘S nacha fada uaim siar é? ‘S nacha fada uaim siar é?
‘S nacha fada uaim siar é mo Cheallachín Fionn?
‘S nacha fada uaim siar é ní fheicfidh mé mbliana é
‘S go seoladh Dia aniar é mo Cheallachín Fionn.

‘Sé mac Mhainín Mór é, ‘sé mac Mhainín Mór é,
‘Sé mac Mhainín Mór é, mo Cheallachín Fionn
‘Sé mac Mhainín Mór é, ‘sé mac Mhainín Mór é,
As Baile Iorrais Mhóir é, mo Cheallachín Fionn

Bhí punt do Dhaideo is bhí punt do Mhaimeo,
Bhí punt do Dhaideo ag mo Cheallachín Fionn,
Bhí punt do Dhaideo is bhí punt do Mhaimeo,
‘S an chuid eile le n’ól ag mo Cheallachín Fionn.

Is iúdail í adail í, iúdail í adail í,
Iúdail í adail í, soithigh mo lao,
Is iúdail í adail í, iúdail í adail í,
Iúdail í adail í, mo Cheallachín Fionn.

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net