Thug Ciarán Ó Con Cheanainn ceardlann ar an amhrán seo ar an 21ú Feabhra 2008
Bhí mise a' gabháil Gaillimh 's ní bréag 'tá mé ' rá libh, Ní raibh mórán den lá ann 's mé fágáil a' tí; ach 'gahbáil soir Loch an Iolra 'sea chonaic mé 'n scáile, bhí a leath deiridh in airde 's é ar mhullach a chinn.
Ó theánn mise 'steach leis go ndearcfainn níb fhearr é 's go deimhin má theánnas, ní theánfainn arís; mar thosaigh sé 'corraí 's a' lúbadh 'chuid cnámha, 's bhí oireadh Chruach Phádhraic de chnoc ar a dhroim.
B'é an beitheach ba haite é dhá dtiocfaidh is dhá dtáinig, bhí leithead dhá chupóig de chluasa os a chionn; bhí feasóg chomh tiubh air go ndéanfadh sí cábla, 's gan trácht ar an bhfásach 'bhí ar mhullach a chin.
Bhí dhá chois chomh fada air le dhá mhaide rámha, bhí leithead dhá bhraillín go maith ina dhroim; bhí 'chuid cluasa chomh leathan le cupógaí sráide 's bhí maillí chomh crochta air le bunstop an tí.
Thosaigh sé 'pramsáil 's ag imeacht in airde is chloisfeá 'chaon ghráig uaidh go réidh in Áth Cinn; ach is mise 'bhí 'dteannta is gan goir a'm é 'fhágáil, 's gan 'fhios a'm cén t-am 'mbeadh a' bás os mo chionn.
Nach mise 'bhí dteannta 's mé 'mo staic i mbéal bearna 's mé ag guimhe go cráifeach ag iarraidh 'thíocht thríd; ach smaoinigh mé 'm intinn go ngéaróinn mo rásúr 's rinne mé búistéireacht ghránna air ó dhrioball go droim.
Ó tharraing mé liom é is cheanglaíos don aill é sa gcaoi nach mbeadh fáil go dtiocfadh sé thríd; ach go deimhin má tharraing, ní dheacaigh cónra ná clár air, 's tá sé ar thóin an phoill bháite, is nár thaga sé 'níos.
|