Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Amhráin Sciopaidh arrow Barr an tSléibhe
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Barr an tSléibhe PDF Print R-phost

Thug Mairéad Ní Fhlatharta ceardlann ar an amhrán seo ar an 21ú Meán Fómhair 2006.

Is a Mháire tá díchéille ort mar a dteigh tú liom 'un tsléibhe,
ná fag anseo liom féin mé go huaigneach ins' an 'oich,
tá do theach mór dhá dhéanamh faoi sheomraí geala in éadan,
agus beidh muid ann le chéile mo léan ar bheagán cíos.

Dá bhfeicfeá barr an tsléibhe nuair a bhíonn an ghrian ag éirí,
níl duibheachan sa spéir ann ná gangaid ins an ngaoth,
tá an broc ar thaobh an léanna ann, tá an sionnach rua ar na péaca,
tá an giorria ag bos leimnigh le pléisiúr ins an bhfroach.

Tá úth na mba ag pleascadh ag teacht abhaile ag géimneach,
is binn deas ceol na néan ann sna gleannta 'teacht na h'oich,
tá an fear 's an bhean in eindigh go grámhar lena chéile,
is an seanduine a bheadh na céadta bliain níor bhfada leis a shaol.

Tá coirce bán is eorna ann, tá fataí 's rud go leor ann,
tá cuireadh ag lucht bothair ann is fáilter roimh gach naon,
tá O'Reilly seinm cheoil ann, tá fíon 's brandy 's beoir ann,
i gcomhludar daoine móra is an tairgead á roinnt.

Tá an stil ag rith i gconaí ann 's baraillí á líonadh,
's tá cead ag clann an Rí bheith go ciorraí ann ag ól,
tá an sagart ann is cóire dá bhfaighfeá in aon deoise,
is a Mháire tóg mo chomhairle ó tearra agus éalaigh liom.

Mairéad ar TG4 

Leagan eile le Mairéad 

Aoife Ní Chasaide

 

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net