|
Thug Deirdre Nic Éanruig ceardlann ar an amhrán seo ar an 15ú Bealtain 2008 Cearc agus coileach a d'imigh le chéile 'mach faoi na sléibhte gur bhris siad a gcroí Chuaigh siad go Sligeach 's go Corcaigh na dhéidh sin Nó go deachaigh a scéal amach faoin tír
Curfá Mo choilleach breá ramhar a rugadh sa Mhárta Nó go dtáinig na mná a chuir dúil ins an fheoil Phioc said a chrúba gus scil siad a chnámha Gus chaith siad an lá sin súgach go leor
Dá bhfeicfeá mo choilleach ar aonach na sráide Fuip ina dhorn is é chomh bródúil le rí Bhí péire spur geal air den airgead déanta Hata fá lásaí gus láimhínní buí Curfá
Chuir mé mo choilleach go paróiste an Bhaoiligh San áit na mbeadh dídean aige le fáil San áit na bhfuil na fir fhearúil a chroitheadh an síol 'S nach maífeadh a choíche ar mo choilleach a sháith Curfá
"Uch uch" arsa an chearc is í gabháil ar an aradh "Nach buartha bocht imníoch deireadh mo scéal Athar mo chlianne gus céile mo leapain Bheith sínte sa phota gus leac ar a bhéal." Curfá
|