|
12 lá de Mhí an MheithimhAr an Déardaoin seo beidh an club ar siúl in Óstán an Esplanade arís. Beidh Daire Ó Breacán agus a chairde ón ghrúpa Slide linn mar aoianna chun oíche mhór ceoil a chur ar siúl dúinn. Tá clú agus cáil bainte amach ag na lads seo ar fud na cruinne lena gcuid ceoil bhríomhair fhuinniúil. Tá aithne ag lucht leanúna ceol na hEorpa ar Dhaire mar an fhidléir spleodrach a bhíonns ag seinnt leis an ghrúpa tradisiúnta Slide. Is as Áth Cliath ó dhúchas é Daire ach le roinnt blianta anuas bhí sé ag taisteal ar fud na hEorpa ag seinnt le Slide. Tá sé díreach tar éis teacht ón Ostair ach beidh sé ag taisteal go luath chuig an Iodáil, mar sin bain sult as an deis seo bheith inár dteannta chun éisteacht leis agus roinnt dá chairde. Oíche ard shiamsíochta a bheas ann gan amhras. Beidh an Club ag tosnú ag timpeall a 9:30 i.n. agus ag leanacht ar aghaidh go dtí 11:30 nó píosa lena chois. Ar ndóigh beidh an cheardlann amhránaíochta ar súil roimh ré liomsa, Lorcán, ag tosnú ag a 8 i.n. san Esplanade. Bígí linn a Chairde,
|