Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Mall arrow Úna Dheas ní Nia
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Úna Dheas ní Nia PDF Print R-phost

Thug Naisrín Elsafty ceardlann ar an amhrán seo ar an 18ú Meán Fómhair 2007.

Seo Nasirín ag canadh ag Ceolchoirm an Oireachtais.

Dhá mbéinn mar a bhí mé lá eicint
    gan aois ná pianta cnámha
Ní choinneadh fear a fail mé
    As an áit a mbeadh mo mhian
Bhéinn go sioraí ag dearcadh a dealramh
    is gile deise breáthacht
Le méid a dtug mé grá dhí
    rinne arás i mo chroí

Cén t-ionadh na fir óga
    bheith caint ar bhean i gcónaí
Nó ag súil le blas a póigín
    sí an ógh i bheannaigh Críost
Ach i do dhiaidh ní bheidh mé beo mí
    le méid a dtug mé grá dhuit
Sé an feall gan mé is tú pósta
    a Úna Dheas Ní Nia

Té d'fhéicfeadh í Dé Domhnaigh
    is í gléasta súas go cóiriúil
Ba gheall leis an réalt eolais í
    dul romham amach sa tslí
Ach ní baol seachmháil ná ceo ar bith
    choiche ná go deo dhí
'S an ghrian níor scall sí fós orm
    chomh mórmhor le mo mhian

Tá a cúilín trilseach fáinneach
    's é fite i ngar dá cluasa
a dá grua mar an rósa
    's an lilí a' briseadh thríd
Is fada gheobhfadh na sluaite
    bás i ndiaidh na stúaire
Marach áit a cheap Dia lóistín dhí
    i dteorainn Inis Nia

Dhá mbeadh sí suas in éifeacht
    inmhí bheith ina céile
An t-am úd a raibh na Gréagaigh
    ag dul an troda leis an Traoi
Bheadh Helen gan aon éileamh
    's ní bhuailfí buile ar aon taobh
'S bheadh Parathas na cheann réitigh
    ag Úna Dheas Ní Nia

Dhá mo liomsa a bhfuil i bPáras
    faoi chúmhachta Bhonaparte
Saibhreas Rí na Spáinne
    'S é fháil ar fad le roinnt
Níl pingin dhá mbeadh ar m'fhaltas
    nach dtabharfainn ina láimh dhí
Ar shúil 's gur mise an páirtí
    a bheadh ag Úna Dheas Ní Nia

Sí Úna mhaiseach mhórmhor
    fuair bua thar mhná Chríoch Fodhla
Le stuaim le geann 's le cortas
    le cailleacht is a croí
Is dhá bhfaighinn mo roghainn le tógail
    do mhná breátha dheas Chríoch Fodhla
Sí Úna Bhán a roghnóinn
    i dtosach ar mhná an tsaoil

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net