Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Amhráin Sciopaidh arrow Ólaim Puins
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Ólaim Puins PDF Print R-phost

Thug Róisín Uí Chuill ceardlann ar an amhrán seo ar an 1ú de Bealtaine 2008

Ólaim puins is ólaim tae,
'S an lá 'na dhéidh sin ólaim "toddy";
Ní bhím ar meisc' ach uair sa ré
Mo ghrá-sa 'n déirc is an té a cheap í!

Lá má bhím le híota tréith,
Bím lá 'na dhéidh ag glaoch na gcannaí;
Lá le fíon 's arís gan bhraon,
Mo ghrá-sa 'n déirc is an té a cheap í!

Ólaim puins is ólaim tae,
'S an lá 'na dhéidh sin ólaim "toddy";
Ní bhím ar meisc' ach uair sa ré
Mo ghrá-sa 'n déirc is an té a cheap í!

Ar mo thíocht a luí ar thréad,
An bhuí sa bhféith is éimh ag leanaí
Báisteach fhill is rinn ar ghaoth,
Ó táim le déirc ní baol dom gharraí!

Ólaim puins is ólaim tae,
'S an lá 'na dhéidh sin ólaim "toddy";
Ní bhím ar meisc' ach uair sa ré
Mo ghrá-sa 'n déirc is an té a cheap í!

Is sámh a bhím im luí le gréin,
Gan suim sa tsaol ach scléip is starraíocht;
Gan chain gan chíos ach m'intinn saor --
Nach fearr í 'n déirc ná céird is ealaín?

Ólaim puins is ólaim tae,
'S an lá 'na dhéidh sin ólaim "toddy";
Ní bhím ar meisc' ach uair sa ré
Mo ghrá-sa 'n déirc is an té a cheap í!

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net