Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Amhráin Sciopaidh arrow Neainsín Bhán
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Neainsín Bhán PDF Print R-phost

Thug Róisín Chambers ceardlann ar an 9ú Samhna 2006

Is a Neainsín Bhán cé is ansa leat
    fear eile ná mé fhéin?
'S a Neainsín dtug mé 'fancy' duit
    i dtosach ar mhná an tsaoil.
Mar shíl mé go mba bhréatha tú
    ná bean ar bith sa saol
Ach smid chainte ná raibh I gceann an té
    nach molfadh leatsa mé.

Má théann tú ag an aonach
    bíodh an chaora leat 's a huan,
'S ma théann tú déanamh tíobhais
    bíodh do mhian agat ar dtús.
Ó bíodh sí maorga macánta
    's í molta as a cliú,
'S ní barr maoine a tharbharfaidh 'un tíobhais tú
    's ná mealltar le sraoill tú.

'S ag teacht don Nollaig nach olc í m'obair
    ag sior chur ins an gcré,
Mar bheadh seabhac ann ar bharr sceiche
    nó ar barr ghlas na sú craobh.
Mo mhallacht go deo anois a thabharfainn sé
    D’aon fhear beo sa saol,
A thógfadh orm bheith ag cogarnach
    le stóirín geal mo chléibh.

'Gus ag teacht don Earrach
    tóigfidh mé talamh
'S beidh áras agam dom fhéin
    'S gurb é a deir mo mhuintir
nach bhfuil aon mhaith i mo scéal
    Mar níl ach an togha ar ógmhná an domhain
'S beidh mo roghain acu a'am féin
    'S ní lena cuid ná a maoin a molfar í
ach as a cáilíocht agus a dea-méin.

'S dá mbeadh 'heels' agus 'tops' ar mo bhróga
    'S cóir mhaith a bheith ar na boinn,
Nach ngabhfainn chuile Dhomhnach
    Ins an áit a mbíonn an spraoi;
Mar ní thógfadh an t-aos óg orm
    gach corr dá gcuirfinn díom,
'S dá mbeadh mo stór ar cheann an stóil
    níorbh fhada liomsa an oíche.

'S a théagairín ní féidir duit
    gan duine éicint a fháil,
A nífidh do chuid éadaigh
    'S a fhuinnidh do chuid aráin.
'S a phéarla atá glan gléigeal
    de chích de chos 's de lámh,
S’é mo léan gan mé faoi shléibhte leat
    'S cead éad ag fearaibh fáil

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net