Dé hAoine, 21ú Samhain 2008
Baile arrow Amhráin arrow Mall arrow Úna Bhán
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Úna Bhán PDF Print R-phost

Thug Éilís Ní Chonghaile ceardlann ar an amhrán seo ar an 10ú Iúil 2008.

A Úna bháin nach gránna an luí sin ort
i do leaba chaol chláir i measc na dtáinte corp
Mara dtige tú le fóir orm a stáidbhean bhí riamh gan locht
Ní thiocfaidh mé an turas go brách ach an oíche anocht.

's a Úna bháin ba rós i ngairdín thú
ba cláirseach ag ceol romhan sa mbóthar thú
ba ceiliúr 's ba ceolmhar ag gahbáil an bealaigh romhan thú
Mo léan dóite níor pósadh le do ghrá geal thú.

Tá an sneachta seo ar lár 's é dearg le fuil
Ach samhail mo ghrá ní fhaca mé in áit ar bith
Féachaíse a mhná cé b'fhearr ná an t-ochón sin
Aon ghlao amháin ag dul Áth na Donóige.

Dá mbeadh píopa fada cailce agam 's tobac a bheith ann
Tharraingeoinn amach é 's do chaithfinn de mo sháith
Is maith a d'inseoinnse dhíbhse cé gcónaíonn Úna bhán
I gCill Bhríde i gcríche Mhagh Chill mo chreach 's mo chrá.

Mo scrúdadh thú a Úna Mhic Dhiarmada Óg
An chéad scoth de na mná óga 's den Bhrianach Óg
Do bhéal mar a bhfuil siúcra mar an leamhnacht 's an fíon ar bord
Do chois lúfar a shiúlfadh gan fiar i mbróig.

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net