|
Thug Mairéad Ní Fhlaratha ceardlann ar an amhrán seo ar an 10ú Eanáir 2008 Chaith mé seacht seachtainí i Mainistir na Buaille, Ar mo luí ar mo leaba ní i mo chodladh ach 'mo dhuiseacht, Ag súil leat chuile leath-uair go dtiúrfá an sagart faoi rún leat; Ó bhí tú mo mhealladh nó gur chaill mé mo chliú leat.
Mar bhláth bán insan ngáirdín a bhíonns mo ghrása i dtús an tsamhradh Nó an foilleáin geala bána a bhíonns ag snámh ar Loch Éirne, Nó mar loingeas os cionn an tsáile a mbeadh an deallradh a' goil timpeall, Agus sin mar a bhíonns mo ghrá bán ag teacht an rámhailligh im intinn
Chuaigh mo mhuintir go Baile an Róba ag cur mo chónra dhá dhéanamh 'S chuaigh an chuid eile acu go coillte Eochaill ag baint mo chróchair de bharra géaga; Tá súil le Rí na Glóire agam go bhfuile siad uilig bréagach, 'S go mbeidh mise 's mo mhíle stóirín seal ag ól lena chéile.
Nach aoibhinn don chábán a dtéann mo ghrása ag ól ann? 'S nach aoibhinn don chasán a leagann sé a bhróg air? Nach aoibhinn don chailín óg deas a gheobhas é le pósadh? Réalt eolais na maidne é 'gus crann soilse an tráthnóna.
Nár ba fada nó go bhfágha mé uait litir agus scéala; 'S nár ba fada nó go bhfágha mé le n-oscailt is le léamh í; Nár ba fada nó go bhfeice mé an sagart ina léine, Ór buí inár bpócaí is muid pósta ar a chéile.
|