|
Thug Lorcán MacMathúna ceardlann ar an amhrán seo ar an 29ú Bealtaine agus arís ar an 17ú Iúil 2008
Is a spailpín aerach tréitheach mise Is bígí ag soláthair mná dhom Mar chraithfinn an síol faoi dhó san Earrach In éadan taltaí bána Mar chraithfinnan síol faoi dhó san Earrach In éadan taltaí bána Mo láimh ar a gcéacht i ndiaidh na gcapall Is go réabfainnse cnoic le fána
Ó's mo chuig chéad slán leat a dhúithe m'athar Is go deo deo don oileán grámhar Don scata fear óg atá 'mo dhiaidh ag baile Nár chlois orm in am an gháthair Tá Bleá Cliath dóite is tóigfear Gaillimh Beidh lasadh a'inne ar thinnte cnámha Beidh fíon agus beoir ar bord ag m'athair Sin cabhair ag an Spailpín Fánach
Is an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise Ó bhí mé súgach sásta 'San darna lá dár liostáil mise Ó bhí mé buartha cráite Ach an triú lá dár liostáil mise Thiúrfainn chúig céad punt ar a fhagáil Ach 'á dtugainn sinn is an oireadh eile Ní raibh mo 'phass' le fáil a'm
Agus bhí mise lá breá ar mhargadh Chill Channaigh Agus tháinig sé go trom ag báisteach Is tharraing mé isteach is chuir mé cúl le balla Agus thosaigh mé ag glaoch na gcárta Mar ghlaodh isteach orm bean 'a leanna Ag súil is go nólfainn ma phaighe Is deamhan deor dár glaodh as sin go maidin Nach raibh síos in aghaidh an Spailpín Fánach Agus bhí mise lá breá thíos in nGaillimh Is bhí an abhainn ag góil le fána Bhí an breac is an eascainn is an beartín slat ann Is chuile ní dhá bhreáchtha Is bhí mná óga ann go múinte tóighte Siad a bhí tanaí tláith deas Ach deamhan bean óg dhá suidhfinn-se leí Nach guirfinnse an dubh ar an mbán di
Agus b'fhuide liomsa lá bhéinn i dteach gan charaid Ná bliain mhór fhada is ráither Mar is buachaillín aerach súgach meanmnach A bhréagfadh an bhruinneall mhánla Dhá bhean déag a bhí ag éad is ag iomadh liom Ag súil le tairbhe mo láí Is gurb é paidir na caillí nuair a théinse thar an táirseach Ná, "Behave yourself a Spailpín Fánach."
|