Thug Lorcán MacMathúna ceardlann ar an amhrán seo ar an 17ú Aibreán 2008 agus arís ar an 17ú Iúil 2008.
Is aréir ag tíocht ón tóramh dhom sea dhearc mé stór mo chroí Mo chreach agus mo chrá mór ní sa mbaile a chaith mé a oíche Tá arraing ag góil trasna thríom is 'g cónaí i lár mo chroí Is a stór mara dtéigh tú abhaile liom, ní mhairfidh mé beo mo
Is tháinig Tomás Bán ar cuairt orm 's mé in uaigneas liom fhéin Séard a dúirt sé ná bíodh buaireadh ort ná rud ar bith mar é Si do chúilín catach a mharaigh mé is mar gheall ort crochfar mé 'S gur measa liom naoi nuaire thú, ná an mháthair ata 'n mo dhiaidh
Ó is a Thomáis Bháin bi cinnte 's tú searc is rún mo chléibh A Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas fearaibh óga 'n tsaoil Crochfar thú go cinnte mara bhfuil ag grásta Dé 'S a dhia nach mór an feall é an planda breá mar é
Is tá cuireadh go Chill Chainnigh orm agus caithfidh mé dhul ann Beidh ann na seisiúin ceathrún idir Gaeil agus clanna Gall Ni dhaorfar ann ach beirt eicínt agus crochfar iad mo lean Mar tá Tomás Bán Mac Aogáin 's Mac Uí Mhaoláin lean thaobh
Ó is a Thomáis Bháin Mhic Aogáin sé mo léan thú dhul i gcill Cé hionadh liom do mhaithrín bocht bheith go brónach in do dhiaidh Dhá mbeithfeá ar leaba an bháis aici cér chás di thú bheith tinn Ach do chrochadh as na saltrachaí, 's an bháisteach le do dhroim
|