Thug Róisin Elsafty ceardlann ar an amhrán seo ar an 31ú Bealtaine 2007.
Is a Dhónail óig má théann tú thar farraige Tabhair mé fhéin leat ‘s na déan do dhearmad Beidh agat féirín lá aonaigh nó margaidh Is iníon Rí Éirinn mar a chéile ban ‘ad
Gheallais dhomsa ó ach a d’inis tú bréaga Go mbeifeá romham ag cnó na gcaorach Lig mé fead agus dhá chéad béic ort Ach ni bhfuair mé ann romham ach na huain ag méileach
Thug mé grá dhuit is mé beag bídeach Chuir mé barr air is mé mór millteach Niorbh é sin an grá a thug an tuan don chaora Ach an grá buan daingean nach a féidir a scaoileadh
Siúd é an Domhnach ar a thug mé grá dhuit An Domhnach díreach roimh a Domhnach Cásca Is mé ar mo ghlúine ós comhair Rí na nGrásta Is mo dhá shúil ag síor tabhairt grá dhuit
Fuaireas póigín ó ní ó chlaidhbhaire é ‘S an dara póigín ar a bharr na staighre ‘S an triú póigín ar a dhul i mo luí dhom Is murach an phóg sin, bheinnse fós i mo mhaighdean
Chuir tú amach mé is bhí an oíche ag báisteach Fuair mé titim mór sios le fána Ni dhúirt tú Dia Linn is a bhí tú i láthair Is maith a bhí ‘s ‘am an uair úd sin go raibh fuath ag mo ghrá dhom
Bhain tú soir is a bhain tú siar dhíom Bhain tú romham is a bhain tú mo dhiaidh dhíom Bhain tú an Ghealach ‘s bhain tú an Ghrian dhíom Ach is ró-mhór é m’eagla gur a bhain tú Dia dhíom.
|