|
Thug Lorcán MacMathúna ceardlann ar an amhrán seo ar an 24ú Iúil 2008
Go cuan Bhéil Inse casaidh mé, cois góilín aoibhinn Dairbhre Mar a seoltar flít na farraige thar sáile I gcéin. I bPortmagee do stádas seal, fé thuairim intinn maitheasa, D’fhonn bheith sealad eatarthu mar mháistir léinn. Is gearr gur chuala ‘n eachtra ó cách mo léan, Gur I mBord Eoghain Fhinn do cailleadh theas an t-árthach tréan, Do phreab mo chroí le hatuirse I dtaobh loinge an tíosaigh chalma, Is go mb’fearrde an tír í sheasamh seal do ráib an tséin.
Mo chiach, mo chumha is m’atuirse, mé im iarsma dubh ag ainíse, Is mé go síoraí ag déanamh marana ar mo chás bocht féin, Mo chuid éadaigh chumhdaigh scapaithe, do bhí déanta cumtha ceaptha. Is do thriall thar thriúchaibh Banban, mar bhláth fém dhéin. Iad a bheith imithe san bhfarraige ar bharr an scéil, Is a thuilleadh acu san lasair is mé go támhach trém néal, Ba thrua le cách ar maidin mé go buartha cásmhar ceasnaithe, Is an fuacht do chráigh im bhaillaibh mé, gan scáth ón spéir.
Ní hé sin is mó do chealg mé ná a chrá mé ‘ris im aigne Ach nuair chinn féin fuadar fearthainne gach lá fén spéir Neart gaoithe ‘dtuaigh is anfa, agus síon ró mhór gan lag ar bith Teinte buatha lacracha ‘gus scáil na gcaor. Do chrom an uain ar sneachta chur le gala tréan Ar feadh deich nuair gan amharca le fail ón ghréin Na doigheanta cruadha peannaide, do líon ró mhór den ghalar mé D’fhág tinn gan suan ar leabaidh mé go tláth I bpéin. Seo Lorcán!
|