|
Thug Lorcán MacMathúna ceardlann ar an amhrán seo ar an 31ú Iúil 2008-08-03
Dá mbeinn féin in Airdí Cuan In aice an tsléibhe úd i bhfad uaim Ba annamh liom gan dul ar cuairt Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh
Curfá Agus och, och Éire ‘lig is ó Éire lonnbubh agus ó ‘s é mo chroí tá trom agus brónach
Is iomaí Nollaig ‘bhí mé féin I mbun abhann Doinne is mé gan chéill Ag iomáin ar an trá bhán Is mo chamán bán I mo dhorn liom
Curfá
Nach tuirseach mise anseo liom fhéin Gan guth choiligh, lon dubh nó traon Gealbhán, smaolach, naoscach féin Is chan aithním féin an Domhnach
Curfá
Dá mbeadh agam féin ach coit is rámh Nó go n-iomarfainn ar an tsnámh Ag dúil as Dia go sroichfinn slán Is go bhfaighinn bás in Éirinn
Curfá
Foclóir Traon: corncrake Gealbhán: sparrow Smaolach: thrush Naoscach: snipe Coit: cineál bád Iomarfainn: row Leagan le Skara Brae
|