|
Déardaoin 25ú Meán Fómhair - Nell Ní Chróinín |
|
|
|
Rugadh agus tógadh Nell Ní Chróinín i nGaeltacht Mhúscraí. Tá sí anois ag staidéar i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach, chun bheith ina bun mhuinteoir. Sí an ghaeilge príomh theanga an teaghlaigh. Tá saibhreas an-laidir i Múscraí san cheol agus amhránaíocht ar an sean nós, agus bhí an tádh le Nell go raibh sí tomtha sa gcultúr on gcliabhán. Ta an ceol inti ó gach taobh da gaol. Thosaigh Nell ag canadh nuair a bhí sí deich mbliana d'aois, a bhuíochas san do scéim amhránaíochta "Aisling Gheal" a chuireann amhránaíocht ar an sean-nós chun cinn sa cheantar. Chuaigh amhranaithe ar nós Máire Ni Cheileachair agus Eoiní Maidhcí Ó Súilleabháin agus moran eile nach iad i bhfeidhm uirthi. Tá cuid mhaith duaiseanna bainte amch ag Nell ag fleadhanna ceoil agus oireachtais agus is minic í ar stáidse ag féilte éagsúla ar fud na tíre.
|