Dé hAoine, 30ú Iúil 2010
Baile arrow Cartlann arrow Déardaoin 9ú Meán Fómhair
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Déardaoin 9ú Meán Fómhair PDF Print R-phost
Tá'n t-ádh dearg linn an tseachtain seo i gclub an Bhéil Binn.  Ní aoí
amháin, ná beirt atá againn fiú...ach triúr!

Ag tosú ag a 8i.n. beidh Gráinne Uí Chaomhánaigh i mbun an ranga
amhránaíochta.  Tá sean-taithí ag Gráinne ar chóracha agus daoine
aonair a ullmhú do chomórtais agus do cheolchoirmeacha agus go deimhin
d'éirigh thar barr le cách a bhí riamh faoina stiúir!
Déanfaidh Gráinne amhráin scioptha siamsúil a mhúineadh a chuirfidh
bhur gcosa agus croíthe ag rince.  Beidh deis agus an club ar siúl
toradh a cuid oibre a chloisint!

Ón a 9i.n. ar aghaidh - beirth cheoltóir uathúil.  Cad is feidir a
rá... Cormac Breathnach & Martin Dunlea!!!
Laochra móra ceoil a bhfuil cáil náisiúnta agus idir náisiúnta tuillte
acu.  Sheinneadar le Arty McGlynn, Nollaig Casey, Donal & Manus Lunny,
Seán Óg Potts, Elvis Costello, Iarla Ó Lionáird, Matt Molly, Noel
Eccles, Richie Buckley, Conor Guilfoyle, Micheál Ó Suilleabhain, Mick
Kinsella, Brendan Power agus Gavin Friday i measc daoine eile.  WOW!

Oíche Deardaoin cloisfear iad ins an Ionad Seoltóireachta i mBré.  Is
annamh beirt dá gcumas ag seinnt in ionad chomh cluthair, mar sin
tapaidh an deis! Tar agus éist le cumadóireacht agus leibhéal
rímháistreachta ár n-aoíanna i suíomh gleoite.
 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net