Dé Céadaoin, 7ú Eanair 2009
Baile arrow Amhráin arrow Amhráin Sciopaidh arrow Síle Ní Ghadhra
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Síle Ní Ghadhra PDF Print R-phost

Thug Con Ó Tuama ceardlann ar an amhrán seo ar 16ú Meán Fómhair 2008

Ar maidin inné dom is dearach a bhíos-sa
Go cathach im aonar ag déanamh mo smaointe,
Do dhearcas ag pléireacht go haerach im thimpeall
An eala ba shéimhe ba chlaoine ba chaoine.
Do phreabas, do ritheas, do dhruideas 'na comhair,
Do mheasas, do thuigeas, nár mhiste dom short,
A blaiseadh go milis in imeall a beoil.
Le taitneamh, le gile, le finne na hóige,
Le maise, le glaine, le binneas a glórtha.
'S a Shíle Ní Ghadhra téanam ag ól,
'S a Shíle Ní Ghadhra téanam ag ól,
D'ólfainnse scilling 's ba chuma cá bhfaighinn é,
'S do raighinn ar bord loinge le Síle Ní Ghadhra.

Is greann-a-mhar dréimireach néamhard frinseach
Bhí a carn fholt croabhach 'ns shlaodaibh ag síneadh,
Go bachallach péarlach, go réaltach g soilseach,
Go camarsach craobhach, go néamharach aoibhinn.
Ag feacadh 's ag filleadh 's ag sileadh 'na deoidh,
'Na mbeartaibh, 'na sraithibh, 'na muirear go feor,
Go h-altaibh, go huilde, go frithir i gcomhad,
Go slamarach cumarach iomaireach órga,
'Na sraithimh ag titim go himeallach ómrach.
'S a Shíle Ní Ghadhra téanam ag ól,
'S a Shíle Ní Ghadhra téanam ag ól,
D'ólfainnse scilling 's ba chuma cá bhfaighinn é,
'S do raighinn ar bord loinge le Síle Ní Ghadhra.

A Shíle Ní Ghadhra dá raghfá ag ól liom
Do bhéarfainn guth gadhar duit is radharc bailtí móra,
D'iompóinn féin m'aghaidh ort is thabharfainn duit póga
Faoi thuairim do theaghlach dá bhfaighinn tú le pósadh.
Do phreabas, do ritheas, do dhruideas 'na comhair,
Do mheasas, do thuigeas, nár mhiste dom short,
A blaiseadh go milis in imeall a beoil.
Le taitneamh, le gile, le finne na hóige,
Le maise, le glaine, le binneas a glórtha.
'S a Shíle Ní Ghadhra téanam ag ól,
'S a Shíle Ní Ghadhra téanam ag ól,
D'ólfainnse scilling 's ba chuma cá bhfaighinn é,
'S do raighinn ar bord loinge le Síle Ní Ghadhra.

 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net