|
A Chairde,
Ta áthas orm go mbeidh Joan McDermott mar aoí speisíalta againn an
tseachtain seo.
Is í Joan McDermott an tOifigeach Taifeadtaí Fuaime i dTaisce Cheol
Dúchais Éireann le dhá bhliain déag anuas. Tá sí i bhfeighil na
taifeadtaí fuaime trachtála agus tugann sí léachtanna éagsúla ó am go
ham ar fud na tíre. Is amhránaí traidisiúnta í chomh maith. Chan sí le
Macalla, The Fallen Angels agus Providence. Nuair a bhí sí ina déagóir
bhain sí an chéad duais amach ag Slógadh Náisiúnta sa roinn "Amhrán
gan Tionlacan faoi 21". D'oibrigh sí mar Chúntóir Léirithe agus
Taighdeoir le Flying Fox Films, Béal Feirste, ar sraitheanna cláracha
éagsúla mar shampla, Ar Bhruach Dhún Réamha, Ag Úrchoill an Cheagáin,
In My Own Time agus ar chláracha eile nach iad. Roimhe sin d'oibrigh
sí mar iriseoir le comhlucht teilifíse eile, Nemeton Teo sa Rinn, Co.
Phort Láirge ag scríobh nuacht do Raidió na Gaeltachta agus don
Munster Express.
Mar is gnáth, beidh an rang ar siúl ag a 8i.n. san Ionad
Seoltóireachta agus Club an Bheil Binn ar siúl ón a 9.
Beidh ceoltoirí óga áitiúla ann freisin chun cur leis an gceol.
Bigí linn
Colm
|