Dé hAoine, 30ú Iúil 2010
Baile arrow Cartlann arrow Club 11/12/08
Baile
Amhráin
Cartlann
Clár
Cuardaigh
Déan Teaghmháil
Gailearaí
Naisc

Urraithe ag
Club 11/12/08 PDF Print R-phost
A Cháirde, Tá athas orm go mbeidh Nuala Nic Con Iomaire agus Colm Mac Con Iomaire linn ag an mBéal Binn an deardaoin seo. Is í Nuala Nic Con Iomaire a bhí mar an chéad fheidhmeannach ealaíne ar An Béal Binn i mBré nuair a thosaigh an togra i 2002. Chaith sí cúig bliana sa ról seo. Is í a bhunaigh an Club Amhránaíochta i mBré agus a chuir tús leis na ranganna amhránaíochta ar an sean-nós, a bhíonn ar siúl fós – roimh an Chlub, gach Déardaoin. Rinne sí riar mhaith drámaí freisin agus bhí sí ina heagarthóir ar an dá bhliainiris a d'fhoilsigh An Béal Binn i gcomhpháirt le Coiscéim, Blaiseadh. Tá go leor tóir ag Nuala ar an gceol agus ar na hamhráin agus bíonn sí ag cumadóireacht freisin (amhráin, lúibíní, drámaí agus scéalta do pháistí). Ghnóthaigh sí cúpla duais oireachtais ar a saothar go dtí seo. Ó chroch sí seolta as An Béal Binn tá sí ag cur fúithí ar an gCeathrú Rua, i gConamara. Tá sí i mbun staidéir anois ar na dearcealaíona – péinteáil agus líníocht, go mór mór, i gCluain Mhuire, GMIT,. Beidh Nuala i mbun na ceardlanna ar an sean-nós ag tosú ag a 8 i.n. Amhráin as Maigh Eo a bheas ar an 'menu' an oíche sin. 'Contae Mhaigh Eo' an t-amhrán is mó a bheas sí a chlúdach an oíche sin, ach éisteofar le hamhráin eile ar nós An Abhainn Mhór agus An Geata Mór freisin. I gcás an chéad amhráin, beidh taifeadadh aici le Joe Éiniú agus le Johnny Mháirtín Learaí (Mac Donncha). Míneoidh sí cúlra an amhráin, scéal an amhráin agus gheobhaidh an rang an deis an t-amhrán a ghabháil. Beidh an-fháilte romhat ag an gceardlann. Is é Colm Mac Con Iomaire aoí speisíalta na seachtaine seo, a seineann an veidhlín, an méarchlár agus canann sé leis an mbanna ceoil The Frames. Bhí Colm mar dhuine de bhunaitheoirí an banna ceoil Kíla i1987. Thosaigh Colm ag seinm leis na Frames i 1990 i rith taifeadadh Another Love Song. De bharr suim Cholm sa Ghaeilge, rinne na Frames dhá amhráin as Gaeilge le haghaidh an chumann charthannach Concern agus Seachtain na Gaeilge. Tá dlúthdhiosca aonair eisithe aige le déanaí "Cúinne an Ghiorria".
 
< Ar ais   Ar aghaidh >
© An Béal Binn, 2007
An suíomh deartha ag Noodlum.net