An Béal Binn Teoranta
| |
| |
An Béal Binn Teoranta |
|
This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it
|
| |
Ceardlanna Amhránaíochta
ar
an Sean-Nós, 2010. |
Tugann an Béal Binn Teo. cuireadh duit freastal ar cheithre cinn de cheardlanna Sean-Nóis, ceann in aghaidh na míosa,
ó Eanáir go hAibreán, 2010. |
Sonraí: |
Beidh na ceardlanna seo á reachtáil ar an dara Déardaoin gach mí, ag 8.00 pm in Óstán
Ramada, Bré, Co. Chill Mhantáin. |
Costas: |
Táille €60 an duine atá ar na
ceithre cheardlanna. |
| |
|
Clárú: |
Le clárú, ní mór an t-airgead a chur i bhfoirm seic, nó
bealach inglactha eile, chuig An Béal
Binn Teo, Bosca Uimhir 114, Oifig an Phoist, Bré, Co. Chill Mhantáin, maraon
le seoladh agus ainm an té atá ag iarraidh clárú. |
Íoslíon: |
Chun gur féidir
ceardlann a reachtáil, ní mór deichniúr, ar a laghad, a chlárú. |
Uaslíon: |
Ní féidir glacadh le níos mó ná fiche duine ar
shaotharlann ar bith áfach. |
| |
|
Spriocdháta: |
Is é an spriocdháta le clárú ná 10 Nollaig, 2009. |
| |
|
Eolas: |
Má tá a thuilleadh eolais uait, glaoigh ar Phádraig Ó Fearaíl ag 01-2862097. |
| |
|
Stiúrthóirí : |
Is iad na
hamhránaithe cáiliúla seo a leanas a bheidh i mbun na gceardlann:
Pádraig
Ó Cearbhaill, 11 Eanáir, 2010.
As iarthar Co.
Luimnigh é. Tá eolas fairsing aige ar Ghaeltacht na Rinne,
sna Déise agus ar amhráin mhóra na dúiche sin.
Lillis
Ó Laoire, 11 Feabhra, 2010.
As Dún na nGall
dó. Bhuaigh sé Corn Uí Riada.
Saileog
Ní Cheannabháin, 11 Márta, 2010.
Díreoidh sí ar
amhráin as Iorras Aithneach i gConamara.
Éilís
Ní Shúilleabháin, 8 Aibreán,
2010.
Beidh sí ag trácht
ar amhráin Mhúscraí agus ar an stór iontach
a d'fhág Eibhlís Bn. Uí Chróinín. |
|
|